An Nuacht is Úire ó Shaol na Réaltaí

Posted on Nollaig 20, 2014 le

0



Is iontach a lán eolais atá ar na réaltaí ar an saol deiridh seo. […] Tá cuid acu chomh fada sin uainn go mbíonn an solas féin na milliúin blianta ar an mbealach chugainn uathu, tar éis go dtéann sé os cionn aon mhilliún déag mílte sa nóiméad. Tá an t-ábhar chomh dlúth, chomh pacáilte i gcuid eile is go bhfuil tonna meáchain in oiread silín de cheann amháin acu […].

– Tomás Ó Máille, An Béal Beo (lch. 31 in eagrán na bliana 2002)

Dhá réaltra ar bharr lasrach ag bualadh faoi chéile

 

NGC2207andIC2163

Seo an dá réaltra úd NCG 2207 (nó NGC 2207, mar a deir an Béarla) agus IC 2163, mar a léiríodh ar leathanach Idirlín Astronomy.com iad. Pictiúr cumasctha é seo atá bunaithe ar shonraí solais infheicte, sonraí X-ghathanna agus sonraí infridhearga araon. (Foinse: http://www.astronomy.com/news/2014/12/galactic-get-together-has-impressive-light-display)

Deir an láithreán Idirlín úd Astronomy.com gur haithníodh trí ollnóva le cúig bliana déag sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, chomh maith lena lán foinsí láidire x-ghathanna. Tá an dá réaltra seo le feiceáil i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus iad suite faoi 130 milliún solasbhliain dínn. An dóigh a mbíonn imtharraingt an dá réaltra ag dul i bhfeidhm ar a chéile tá réaltaí nua ag teacht chun saoil go tiubh teirimeach sna scamaill gháis a bhaineas siad as a chéile, ach thairis sin d’aithin foireann taighde na réadlainne úd Chandra X-Ray Observatory i gCambridge, Massachusetts go bhfuil na réaltraí seo breac le foinsí sárlonracha x-ghathanna. Tá an dá réaltra ag aomadh a chéile, agus an chomh-imtharraingt seo ag spreagadh gníomhaíocht iontu: ag cur luais faoi fhoirmiú na réaltaí nua agus ag madhmadh ollnóvaí mar a bheadh buamaí iontu.

Maidir leis na hollnóvaí, áirítear iad ar na himeachtaí is scanrúla, is iontaí, is cumhachtaí dá dtiteann amach sa spéir. Is éard atá i gceist le hollnóva ná réalta mhór agus í ag déanamh mórphléisce: is féidir le haon réalta amháin réaltra iomlán a shárú ar feadh tamaill ag scaoileadh solais agus fuinnimh uaithi. Ní mhaireann an t-ollńóva ach go ceann roinnt seachtainí nó míonna, áfach.

Ní hionann iad an t-ollnóva agus an rud ar a dtabharfá an gnáthnóva. Is éard atá i gceist leis an ngnáthnóva ná go bhfuil déréalta – córas dhá réalta – againn agus ceann de na réaltaí ag tarraingt (nó ag fuilleamh, mar a deir an téarmaíocht) ábhair as an gceann eile, ionas go lasfaidh an t-ábhar sin suas ina phléasc mhór. Go bunúsach, tá ceann den dá réalta i bhfad níos dlúithe, i bhfad níos lú ná an ceann eile – abhacréalta bhán a bhíos i gceist go tipiciúil – agus is í an réalta bheag dhlúth sin a bhíos ag ól ábhair chuici ón réalta eile sa chóras.

Making_a_Nova

Léaráid é seo a léiríos an dóigh a dtarraingíonn, nó a “bhfuilleann”, an abhacréalta bhán damhna ón réalta eile sa déréalta, Tugtar diosca fuillimh ar an diosca timpeall ar an abhacréalta bhán. (Léaráid: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Tá an damhna san abhacréalta an-difriúil leis an damhna a bhfuil taithí againn air ónár saol laethúil. Deirtear gur damhna díchineálaithe atá ann. An damhna is aithin dúinn tá sé comhdhéanta as adaimh, agus is éard atá san adamh ná núicléas beag dlúth trom agus cineál “atmaisféar”, is é sin, néal na leictreon. Tá an núicléas beag bídeach i gcomparáid leis an adamh: is minic a deirtear, más é an t-adamh féin an pháirc, gurb é an núicléas an chuileog i lár na páirce. Mar sin féin, tá an chuid is mó de mhais an adaimh comhchruinnithe sa núicléas. An damhna díchineálaithe atá le fáil san abhacréalta bhán, áfach, cé go bhfuil sé comhdhéanta as leictreoin agus as núicléis chomh maith, tá an dá rud fáiscthe go tiubh in aice a chéile.

An damhna atá sna gnáthréaltaí bíonn sé níos cosúla leis an ngnáthdhamhna. Nuair a bhuailfeas sruth damhna den chineál seo faoi dhromchla na habhacréalta báine, bíonn luas mór faoi, toisc go bhfuil an-mhais agus an-imtharraingt san abhacréalta – chomh dlúth is atá sí. Is millteanach an tuairt é an t-imbhualadh seo, agus é ag cur luas faoin imoibriú núicléach sa damhna a dhéanas an t-imbhualadh. Nuair a bhainfeas an solas ón imoibriú sin amach an Domhan, rachaidh sé i bhfeidhm ar na réalteolaithe mar a lasfadh réalta nua suas gan choinne, agus sin é an tuige go dtugann siad nóva ar phléasc den chineál seo – tháinig an téarma ó stella nova na Laidine a chiallaíos “réalta nua”.

Cuid de na nóvaí ar chuir na réalteolaithe sonrú iontu, is nóvaí ateagmhasacha iad mar a deirtear – is é sin, lasann siad suas in athuair go tráthrialta de réir a sceidil féin. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, go bhfuil timthriall den chineál sin ag na nóvaí go léir mar sin: an leathbhádóir beag ag tarraingt ábhair chuige ón réalta mhór, agus an réalta mhór ag carnadh lastas eile ina dhiaidh sin, de réir a chéile, lena chaitheamh uaithi i dtreo na habhacréalta nuair a bheas a dóthain aici.

Iarsmaí Ollnóva na Seolta

Iarsmaí Ollnóva na Seolta. Aon mhíle déag de bhlianta ó shin, chonaic muintir an Domhain ollnóva dochuimsitheach ag pléascadh i réaltbhuíon na Seolta – ollnóva a sháraigh an Ghealach féin ar ghile. Bhí an t-ollnóva seo ar na himeachtaí is cuidsúlaí dá bhfaca an cine daonna ar an spéir, ach ar an drochuair ní raibh lucht na linne in ann cuimhne an ollnóva seo a chur i míotar, ó nach raibh córas scríbhneoireachta acu. (Foinse an phictiúir: http://panther-observatory.com/gallery/deepsky/doc/Vela-SNR_200mm.htm)

Scéal eile é scéal an ollnóva: ní féidir le haon réalta ollnóva a dhéanamh ach uair amháin. Bíonn ollnóvaí coitianta go maith ag réaltaí móra millteanacha: is éard a tharlaíos ná go dtitfidh croíleacan an ollnóva isteach chuige féin (rud ar a dtugtar imphléasc) agus an chuid eile den réalta ag dul ar mire ar fad leis an imoibriú núicléach – ag pléascadh ina hollnóva, go bunúsach. Nuair a bheas breosla an imoibriúcháin sin spíonta, ní fhágfar den réalta ach neodrónréalta nó dúpholl san áit ina raibh a croílár, chomh maith le hiarsmaí an ábhair a chuaigh ar fud na háite le linn an ollnóva.

Crab_Nebula

Réaltnéal an Phortáin, iarsma an ollnóva ar chuir na réalteolaithe Síneacha sonrú ann sa bhliain 1054. Cé go dtugtar “Réaltnéal an Phortáin” ar an néal seo, níl sé suite i réaltbhuíon an Phortáin, ach i réaltbhuíon an Tairbh. Sa bhliain 1968, haithníodh go bhfuil neodrónréalta suite i lár an néil – croílár na réalta a phléasc ina hollnóva, is dócha. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Is féidir don ollnóva tosú i gcóras dhá réalta freisin. Mar a chonaic muid is é fuilleamh an ábhair ón ngnáthréalta chuig an abhacréalta bhán is cúis leis an ngnáthnóva. Is féidir leis an bhfuilleamh tús a chur leis na himoibrithe núicléacha san abhacréalta féin arís. Go bunúsach, is réalta í an abhacréalta bhán nach bhfuil ag déanamh imoibriúchán ar bith a thuilleadh. Má tá sí te i gcónaí, agus má tá sí ag soilsiú i gcónaí, níl ann ach seanbhreo ó na laethanta a bhí. Má thosaíonn comhleá na núicléas san abhacréalta arís, áfach, rachaidh sé chun cearmansaíochta ar an toirt, agus iompóidh an réalta bheag ina hollnóva.

ollnóva fuinneamh

Taispeánann an dá ghraf seo forbairt na dearbhmhéide (absolute magnitude mar a deir an Béarla) sa réalta atá ag pléascadh ina hollnóva. (Miosúr nó caighdeán ar ghile na réalta í an dearbhmhéid.) Ar dtús méadaíonn an dearbhmhéid go tobann, agus ansin, laghdaíonn sí arís de réir a chéile i rith na míonna. Seasann an dá ghraf don dá chineál ollnóva: is é cineal a haon (Type I) an t-ollnóva nach n-aithnítear lorg na hidrigine ar speictream an tsolais uaidh, agus is é cineál a dó an t-ollnóva a n-aithnítear línte na hidrigine ar a speictream. Is é cineál a haon ollnóva na habhacréalta báine i ndéréalta, arb é an fuilleamh (carnadh an damhna ón réalta leathbhádóra) a chuireas ag pléascadh í, agus is é cineál a dó ollnóva na fathachréalta a ndéanann a croí titim chuige féin faoi mheáchan a imtharraingthe féin (imphléascadh imtharraingthe). Fágann ollnóva de chineál a dó neodrónréalta nó dúpholl ina dhiaidh (mar thoradh don imphléascadh imtharraingthe), ach scaiptear iarsmaí na réalta go léir sa spás le linn ollnóva de chineál a haon. (Foinse: http://www.uni.edu/morgans/astro/course/Notes/section2/new9.html)

 

An cineál seo déréaltaí a bhfuil ollnóva ag bagairt orthu, is minic a bhíos siad ag tabhairt le fios roimh ré go bhfuil an priacal sin ann: bíonn an lonrachas iontu ag athrú go tobann, ag dul i méadaíocht nó ag dorchú síos, agus ní féidir tráthrialtacht ná timthriall a aithint ar an luaineacht seo. Tugtar réaltaí athraitheacha mórchorraiola ar an gcineál seo déréaltaí, agus creidtear go bhfuil an dá réalta chomh cóngarach dá chéile iontu is go gcuireann imtharraingt an abhaic bháin an réalta eile as a riocht ar fad.

Na foinsí sárlonracha x-ghathanna a bhíos ar fáil chomh flúirseach sin sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, is dócha gur déréaltaí iad chomh maith céanna. Arís, tá réalta throm dhorcha, is é sin dúpholl, ann agus réalta “bheo”, lonrach ag dul timpeall an leathbhádóra seo; is dócha gur dúpholl iontach trom atá i gceist, ós rud é go bhfuil an déréalta ag tabhairt x-ghathanna uaithi atá as pabhar fuinniúil. Is é an fuilleamh, an sruth damhna ón leathbhádóir lonrach chuig an dúpholl, is bunfhoinse do na x-ghathanna, ar ndóigh. Go nuige seo, d’aithin na réalteolaithe seacht bhfoinse x-ghathanna agus fiche den chineál seo sa réigiún spáis idir an dá réaltra.

Tá a fhios ag lucht na réalteolaíochta le fada an lá go spreagann an saghas seo “imbhualadh” dhá réaltra foirmiú réaltaí nua sa scamall gáis idir an dá réaltra. Dealraíonn sé go bhfuil baint éigin ag an bhfoirmiú sin le chomh tiubh is a bhíos na foinsí x-ghathanna seo idir an dá réaltra, ach is dócha  go gcaithfidh lucht comhcheirde Leonard agus Sheldon a lán oícheanta gan chodladh fós ag scríobh foirmlí matamaitice ar an gclár dubh ag iarraidh an bhaint sin a thuiscint.

Tháinig deireadh le misean taiscéalaíochta an Venus Express

Bhí an Venus Express ag déanamh taighde ar phláinéad Véineas le hocht mbliana anuas, ach anois, tháinig deireadh le misean an taiscéalaí seo. Spásbhád gan chriú gan fhoireann a bhí ann a scaoileadh chun bealaigh ó Bayqoñır, an Chasacstáin, sa bhliain 2005. Cé gur baineadh úsáid as roicéad agus gléasra Rúiseach, ba le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa an taiscéalaí féin. Tháinig an taiscéalaí a fhad le Véineas i mBealtaine 2006, agus shocraigh sé ar an bhfithis réamhshocraithe le dul timpeall an phláinéid ag déanamh breathnuithe air.

venusmagellan-580x580

Véineas, an pláinéad is cosúla leis an Domhan ó thaobh na méide de. Tá an pictiúr seo bunaithe ar an mapáil a rinne an spástaiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. (Foinse: http://www.universetoday.com/48317/venus-length-of-day/)

 

Is iad na gléis taighde a bhí ar bhord ná ASPERA-4, VMC, MAG, PFS, SPICAV, VIRTIS agus VeRa. Seasann an giorrúchán ASPERA d’Anailíseoir na bPlasmaí Spáis agus na nAdamh Fuinniúil. Is í an ghrianghaoth atá á hanailísiú ag an ngléas seo, an dóigh a mbuaileann sí faoi atmaisféar Véineas. Leagan leasaithe é ASPERA-4 den ghléas ASPERA-3 atá in úsáid ar an Mars Express, spástaiscéalaí cosúil atá ag fithisiú Mharsa ón mbliain 2004 anuas.

grianghaoth

Is éard atá i gceist leis an ngrianghaoth ná sruth cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu, sruth atá ag teacht ón nGrian. Cuireann an sruth seo réimse maighnéadach na bpláinéad as a riocht, mar a léiríos an pictiúr seo. Bíonn an ghrianghaoth athraitheach ar a lán dóigheanna, díreach cosúil le fíorghaoth san atmaisféar, agus cineál claochluithe aimsire ag baint léi, fosta. Tugann na réalteolaithe “spásaimsir” ar na claochluithe seo, fiú. Is í an ghrianghaoth is cúis leis an gCaor Aduaidh (na Saighneáin, an aurora borealis) freisin. (Pictiúr: http://sci.esa.int/soho/32799-solar-wind-buffets-earth-s-magnetic-field/)

 

Níl i gceist leis an VMC ach ceamara ardteicneolaíochta (“Ceamara Monatóireachta Véineas”) agus é ag tógáil pictiúirí le solas infheicthe, le solas ultraivialait agus le solas infridhearg. Baintear leas as na pictiúirí seo i mapáil an phláinéid agus in obair na spásgheolaithe, agus iad ag iarraidh, abair, bolcánachas a aithint ar Véineas.

Maighnéadaiméadar is ea an MAG, mar is léir ón ngiorrúchán féin, agus é dírithe ar réimse maighnéadach an phláinéid a aithint. Is féidir a lán conclúidí a bhaint as réimse maighnéadach an phláinéid. Mar shampla, má tá cuid mhaith iarainn i gcroíleacan an phláinéid, is léir go gcuireann sé leis an maighnéadas.

Gléasra speictriméadrachta atá sa triúr eile – PFS, SPICAV agus VIRTIS. Aithníonn na sásanna seo na cineálacha éagsúla radaíochta agus iad ag déanamh breathnuithe ar an dóigh a dtéann atmaisféar trom tiubh Véineas i bhfeidhm uirthi.

Venus Express gléasra

Taispeánann an léaráid seo an dóigh a bhfuil na gléis éagsúla taighde suite ar bhord an Venus Express. (Foinse: http://www.esa.int)

 

Sa deireadh, is gléasra raidió é VeRa a úsáidtear le hascnamh na radathonnta in atmaisféar Véineas a thaighde. Ar an Domhan s’againn, cuireann an t-aerthormán isteach ar na craolacháin raidió agus ar an gcumarsáid raidió go minic. Ar Véineas, áfach, is ábhar suime do lucht na heolaíochta é an t-aerthormán, nó is foinse eolais é i dtaobh an leictreachais in atmaisféar an phláinéid sin. Le fírinne ceann de na torthaí is tábhachtaí dár thug an Venus Express dúinn is ea go bhfuil atmaisféar an phláinéid beo le leictreachas agus go mbíonn tintreach ag splancarnaigh ansin níos minice ná ar an Domhan.

Cé go bhfuair Véineas a hainm ó bhandia grá na seanársaíochta, ní áit ghrámhar í ach a mhalairt. Dé-ocsaíd charbóin is mó atá san atmaisféar, agus tá brú an aeir ar dhroim an phláinéid nócha oiread níos mó ná ar an Domhan. Na scamaill atá ann, bíonn siad comhdhéanta as dé-ocsaíd sulfair agus as aigéad sulfarach. Ceapann an t-atmaisféar teas na Gréine go héifeachtúil, ionas go bhfuil dromchla Véineas níos teo ná dromchla Mhearcair féin. Tá Véineas an-mhall ag dul thart ar a hais féin: is ionann réaltlá Véineas agus dhá chéad trí lá agus dhá scór ar an Domhan; níl lá Véineas de réir mar a fheictear an Ghrian ag gluaiseacht ar an spéir ach céad is sé lá Domhanda déag, áfach.

Ní raibh an Venus Express ceaptha ach cúig chéad lá a chaitheamh i mbun an taighde, ach tar éis na tréimhse sin bhí an gléasra ag obair go paiteanta i gcónaí, agus ba mhór an náire a bheadh ann é a fhágáil gan úsáid ansin. Mar sin, mhair na saineolaithe ag bailiú eolais tríd an taiscéalaí i bhfad ina dhiaidh sin féin. In Earrach na bliana 2014, chuaigh an Venus Express síos go dtí an ciseal is airde thuas d’atmaisféar Véineas le hé a thaighde ón taobh istigh, rud nár triaileadh roimhe sin.

Bhí an taiscéalaí in ann dul in airde arís i ndiaidh tamall a chaitheamh ag “surfáil” an atmaisféir, ach níor éirigh leis a sheanairde eitilte a choinneáil a thuilleadh. Nuair a rinne foireann a stiúrtha ar an Domhan iarracht roicéid an Venus Express a oibriú arís leis an taiscéalaí a shocrú ar a sheanfhithis, tháinig chun solais go raibh sé i ndeireadh a bhreosla. Mar sin, is é an scéal atá ann faoi láthair go ligtear don taiscéalaí airde a chailleadh go nádúrtha. I ndeireadh báire rachaidh an gléasra síos agus é á théamh ag friotaíocht an aeir, go dtí go mbeidh sé imithe ina ghal soip, mura mbuailfidh na hiarsmaí deireanacha dromchla Véineas roimhe sin.

Maat Mons

Maat Mons, ceann de bholcáin Véineas. Tá an pictiúr seo bunaithe ar na sonraí a bhailigh an taiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. Rinneadh áibhéil ar na difríochtaí airde. Foinse: http://www.nasa.gov

 

An obair a bhí á déanamh ag an Venus Express fad is a mhair sé, is fairsingiú é ar eolas an chine dhaonna ar a lán gnéithe den phláinéad. Tá sé ina cheist mhór ag na spásgheolaithe, an bhfuil aon cheann de na bolcáin ar Véineas beo i gcónaí. Tá an pláinéad an-saibhir i mbolcáin, ach níor haithníodh aon cheann acu ag brúchtadh leis lenár linn. Níor thug an Venus Express féin freagra ar an gceist seo, ach ar a laghad d’aithin sé difríochtaí móra i dtiúchan na dé-ocsaíde sulfair san atmaisféar. Is féidir gurb as na bolcáin a tháinig an bhreis sulfair, cé go bhfuil an dá bh’fhéidir ann, is é sin, d’fhéadfadh cúiseanna atmaisféir a bheith leis na difríochtaí sin chomh maith.

Posted in: Nuacht