An Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí sa bhliain 2015?

Posted on Eanáir 3, 2015 le

0



mauralynskey

Tá an t-alt seo a leanas ó Maitiú Ó Coimín ar Tuairisc.ie maidir le comhchéim a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí na tíre le moladh.

“An bhfeicfear an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaíocht? 

Tá an ceann seo deacair le meas. Ghlac Leo Varadkar le moltaí Chonradh na Gaeilge faoi stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair ag deireadh 2013 agus mar sin ní fhéadfaá a rá gur ‘Fine Gall’ is cúis leis an moill ar an gcomhionannas sa gcás seo. Tá an lámh in uachtar ag Conradh na Gaeilge mar gheall ar an taighde atá déanta ag an dearthóir Garrett Reil ar a shon. Léiríonn taighde a rinneadh i dtíortha eile freisin gurbh fhearr i bhfad an cur chuige a mhol an Conradh ná an dearadh reatha. Mar a nochtadh ar Tuairisc.ie an mhí seo caite, níl aon taighde dá cuid…

Amharc ar an alt bunaidh 181 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht