Rúin Athbhliana don Ghaeilgeoir

Posted on Eanáir 3, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Tá súil agam go raibh lá Nollag den scoth ag chuile léitheoir. Má tá duine ag lorg cúpla rún athbhliana, seo duit trí cinn!

1.Éisteacht leis na meáin Ghaeilge gach lá. Is duine mé ar fearr leis na meáin chlóite, ach ní féidir leis an bhfocal scríofa rithim deas na Gaeilge labhartha a ghabháil chuige féin. I ré an idirlín, is fusa ná riamh rún mar seo a chur i gcrích; is féidir éisteacht le Irish Aniar agus an dinnéar á réiteach!

2. Leabhar Gaeilge a léamh gach mí. I mbeagnach gach teanga, tá an teanga labhartha níos cúinge ná an teanga scríofa ó thaobh an fhoclóra de—is gá plé leis an bhfocal scríofa chun cur le stór na bhfocal. Le nach sleamhnóidh an mhí thart gan an leabhar a roghnú fiú, roghnaítear an leabhar ar an gcéad lá de gach mí. An chéad leabhar den athbliain a léifeas mé…

Amharc ar an alt bunaidh 124 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht