Tús Nua 2015

Posted on Eanáir 3, 2015 le

0



Bheartaigh mé tús nua don Tuairisceoir tuairim ar 3 mhí ó shin agus leis an fhírinne a dhéanamh char tharla sé ach tá sé i gceist agam tabhairt faoin suíomh seo in athuair in 2015.

Ach tá sé ar intinn agam athrú suntasach a dhéanamh maidir le hábhar, is é sin le rá go mbeidh mé féin ag díriú ar scéalta nuachta a sholáthar as Ard Macha, as an Dún agus as an Lú.

Chan ionann sé sin is a rá nach mbeidh mé ag cur fáilte roimhe ábhar ó dhúichí eile, beidh cinnte ach beidh mé féin dírithe ar an cheantar sin a luaigh mé.

Tá súil agam go mbeidh mé in ann físeáin agus podchraoltaí a dhéanamh chomh maith, in éineacht le feasachán nuacht raidió in aghaidh na seachtaine – i nGaelg Oirialla ar ndóigh.

Fáilte roimh ábhar i gcónaí – ciarandunbar@outlook.com.

Posted in: Nuacht