An Mar a Chéile a Bheas Muid?

Posted on Eanáir 5, 2015 le

0



le Aindrias Ó Cathasaigh

Ní hionadh go bhfuil caint mhór tarraingthe ag An Mar a Chéile Muid?, clár a rinne Seán Ó Cualáin a craoladh ar TG4 an tseachtain seo caite. Ba bhreá an léargas a thug sé ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, an obair a rinne sí ó 1969 ar aghaidh agus a tionchar ó shin i leith.

Sa gclár féin agus sa trácht atá déanta air, tá ceist mhór dá cur: An bhfuil sprid na glúine sin marbh anois? Arb amhlaidh gur cuireadh troid iontach suas cupla scór bliain ó shin ach nach bhfuil fonn troda ar mhuintir na Gaeltachta a thuilleadh?

Ar an gcéad dul síos, níor cheart dúinn pictiúr ró-rómánsach de Ghaeltacht na linne sin a tharraingt.

Chonaic muid aríst sa gclár íomhá iontach: Jack Lynch ar chuairt toghchánaíochta i gConamara i 1969, ach Joe Steve Ó Neachtain agus dream de lucht na gCearta Sibhialta ag tabhairt a dhúshláin. Má bhí muid ag breathnú go géar, áfach, chonaic muid an slua eile ag cur fáilte chroíúil go Conamara roimh an Taoiseach, slua i bhfad níos mó.

Fuair iarrthóir na gCearta Sibhialta sa toghchán sin míle go leith vóta céadrogha, éacht ceart ag gluaiseacht nach raibh ach cupla mí ar an bhfód. Ach bhí fiche míle eile nár vótáil dó, agus chuir Gaillimh Thiar ar ais go Teach Laighean an triúr céanna a bhí ann cheana.

Ní fíor a rá go raibh muintir Chonamara as éadan ag éirí amach in aghaidh an chórais an t‑am sin. Ach oiread le áiteacha eile, ba é an chuid is fearr den phobal a d’éirigh amach.

Lena chois sin, ní rud ar leith a bhí sa ngluaiseacht sin, ach í ag leanacht lorg lucht agóide ar fud na hÉireann is an domhain. Ní raibh ar siúl aici ach an méid a bhí ar siúl i mBéal Feirste agus i nDoire, i Chicago agus in Alabama.

Ní ag caitheamh anuas ar an ngluaiseacht é sin, ach a mhalairt ar fad. Gluaiseacht dhúchasach a bhí i gCearta Sibhialta na Gaeltachta, ach ba é a bua mór go raibh sí ag cur modhanna troda idirnáisiúnta i bhfeidhm ar fhadhbanna áitiúla.

Agus bhí a fhios acu féin é. Bhí ainm na gluaiseachta ina aithris ghlan ar ghluaiseachtaí ó thuaidh agus i Meireacá. Bhí a cur chuige ina mhacalla as gníomhartha na ngluaiseachtaí sin, agus spreag ceannairc na linne ó Pháras go Prág go Vítneam í.

Ar thaoide tuile na haimsire sin, in Éirinn agus sa saol mór, a d’éirigh Gluaiseacht na gCearta Sibhialta. D’éirigh le Muinntear na Gaedhealtachta ceart a bhaint do phobal Chonamara ar an gcaoi chéanna sna 1930idí — tréimhse a bhí an-chosúil leis. Agus cé go raibh feachtais ar shon na Gaeltachta ann sna 1950idí, ba bheag a dtoradh in aimsir dhuairc choimeádach.

hqdefaultNí mór a thuiscint go mbíonn tuile agus trá sna cúrsaí seo, a tide in the affairs of men, mar a dúirt an té a dúirt. Rug muintir na gCearta Sibhialta uirthi agus í ina rabharta, agus ba shin é a thug chun bua iad.

Ina lagtrá is mó atá sé ó shin, ar chúiseanna éagsúla. Bhí leibhéal na troda íseal go maith i gcoitinne, agus níor chóir a bheith ag súil go ndéanfadh Conamara an méid nach raibh an chuid eile againn sásta a dhéanamh. Ach ba mhór ab fhiú na daoine ansin agus ar fud na tíre a bhí sásta snámh in aghaidh easa mar sin féin.

Ba é an rud ba thábhachtaí faoi Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta, a scríobh Máirtín Ó Cadhain, go raibh na daoine faoi chois ó gach cearn d’Éirinn “ag tosú ag tuiscint gurb í cúis gach duine acu cúis a chéile”. Ach tuiscint mar sin a bheith forleathan aríst, borradh ginearálta agóide, bheadh deis eile ag muintir na Gaeltachta an fód a sheasamh, ní ina gcadhain aonraic ach mar chuid de chorráil leathan ag cur ar shon an chirt.

Tá rudaí ar nós an ghluaiseacht in aghaidh na dtáillí uisce ina gcomharthaí go bhféadfadh a leithéid d’ionú a bheith chugainn aríst. Níl fáth ar bith nach mbeadh glór na Gaeltachta le cloisteáil ansin, agus réiteach ar a cás féin dá éiliú i measc an iomláin.

Posted in: Nuacht