Cad is brí le klittra?

Posted on Eanáir 7, 2015 le

0



's mise Ciara, seo mo bhlag!

Tá focal nuachumtha ag muintir na Sualainne i gcomhair… bhuel is deacair cur síos a dhéanamh ar an rud a bhfuil focal nua acu air, toisc nach bhfuil focal againne air i nGaeilge. Ach leanfaidh mé orm!

klittra

Tá an Swedish Association for Sexuality Education (RFSU) tar éis focal nua a chumadh: klittra. Is meascán é idir na focail klitoris (clitoris) agus glittra (glitter). Ciallaíonn sé female masturbation. Dealraíonn sé go bhfuiltear ag iarraidh go mbeadh daoine in ann labhairt faoin gcoincheap go héasca, agus sin an fáth a chum siad an focal.

Chuir an eachtra sin ag smaoineamh mé ar stórfhocal na Gaeilge don ábhar céanna.

Sa chéad dul síos, tá an focal brillín in úsáid le fada an lá ag mo chairde, ach níor bhreathnaigh mé ar an bhfocal riamh sa bhfoclóir. (Ní rómhinic a tharlaíonn go mbíonn foclóir sa lámh agat agus brillín már ábhar cainte. Deirtear gur tharla sé uair amháin ag Oireachtas na…

Amharc ar an alt bunaidh 107 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht