Léirmheas : Anamlón Bliana

Posted on Eanáir 10, 2015 le

0



Anamlón Bliana, Seán Ó Ríordáin, eag Tadhg Ó Dúshláine

Léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain

Choinnigh an Ríordánach dialann laethúil scríbhneoireachta ó 1940 go dtína bhás i 1977.

San leabhar téagartha seo tá sleachta roghnaithe in aghaidh gach lá den mbliain ag Tadhg Ó Dúshláine; sleachta a scríobhadh gar don dáta lena bhfuil siad luaite anseo go hiondúil. index

Tugann na sleachta léargas ar an meon as a d’fhás filíocht an Ríordánaigh (cuid den ábhar foilsithe cheana aige féin mar réamhráite lena leabhair filíochta).

Léiríonn siad freisin a streachailt leis an tsaoil agus an scríbhneoireacht, agus é idir dhá chomhairle ar cheart na dialann a dhó nó a fhágáil againn.

Níl anseo ar ndóigh ach cuid bheag den iomlán – blaiseadh don scoláire agus sásamh don ghnáthléitheoir fiosrach mo dhála féin. Rud suntasach faoin leabhar ná go bhfuil sé lán léaráidí ó phinn an Ríordánaigh féin – cloigne daoine don gcuid is mó, cuid acu an réalaíoch, cuid eile ar léir an scigaithris iontu. Pearsa aithnide is anaithnid.

Tá cuir síos spéisiúil san leabhar freisin ar thalann seo na líníochta a bhí go hinstinneach is cosúil ag an Ríordánach, é á bhreacadh síos i ngan fhios dó féin scaití.

Leabhar atá anseo le bheith áit éigin áisiúil ar an leabhragán d’fhonn filleadh air arís is arís eile, chun blaiseadh ar dhóigh eile de gheit filíochta an Ríordánaigh.

Posted in: Nuacht