Peig – an bhfuil malairt modh múinte incheaptha?

Posted on Eanáir 13, 2015 le

1



Tá sé ina dheilín smolchaite i measc na neamh-Ghaeilgeoirí agus na nGaeilgeoirí araon go bhfuil teagasc na Gaeilge curtha ó mhaith ag Peig, an dóigh a n-úsáidtear í leis an teanga a mhúineadh don ghlúin óg dhrogallach. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil mé cineál amhrasach i leith an tseanbhailéid seo. Ar ndóigh is eachtrannach mise agus ní bhím mórán i dteagmháil leis an aos óg atá díreach ag foghlaim na teanga i scoileanna na hÉireann – mar sin níl cur amach agam ar an stádas atá ag Peig ansin faoi láthair. Mar a thuigim áfach baintear leas as a lán leabhar Gaeilge eile i múineadh na teanga. Mé féin ba mhaith liom go roghnófaí Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann thar Pheig, ós rud é gur scéal suimiúil ón Iarthar Fiain atá ann. Rud a chuireas an-ghliondar ar mo chroí é go bhfuil glacadh le Máire Nic Artáin mar lón léitheoireachta do na daltaí scoile, nó cé nach raibh an teanga ó dhúchas ag Séamus Ó Néill, bhí sí go gleoite galánta aige, agus is corraitheach ar fad an scéal atá ann. Dháiríre ní fhágfainn fuíoll molta ar Mháire Nic Artáin.

Mar sin féin, cé go bhfuil ábhar léitheoireachta ar fáil do na daltaí scoile is fearr ná Peig, is minic a ritheas liom an cheist a chur, nach bhféadfaí Peig féin a chur in aithne dóibh ar bhealach nua de chineál éigin. Is cuimhin liom fós an uair, fiche éigin bliain ó shin, a chrom mé féin ar Pheig an chéad uair. Mhothaigh mé go raibh mé ar thairseach móreachtra, díreach mar a bheinn ar tí cuairt a thabhairt ar dhomhan rúndiamhair de shórt éigin. B’fhéidir go raibh na scoláirí in Éirinn dubh dóite den leabhar sula bhfuair siad an chéad radharc air, ach bhí mise go mór mór in éad leo agus áiméar acu staidéar a dhéanamh ar scéal beatha Pheig ina bpáistí dóibh.12110931peigsayers

Is tábhachtach a thuiscint cad é an chúis, go beacht, le Peig a mhúineadh do na daltaí. Nuair a thosaigh athbheochan na Gaeilge, bhí an traidisiún scríbhneoireachta agus litríochta ligthe i ndearmad, an chuid is mó. Ní raibh sé praiticiúil dul i muinín an Chéitinnigh mar phatrún dea-úsáide agus dea-Ghaeilge, ós iomaí craiceann a chuir caint na ndaoine di idir an dá linn. An t-aon litríocht a raibh aithne ag muintir na Gaeltachta uirthi, ba í an bhéal-litríocht í, agus ba iad na seanchaithe an t-aon dream a raibh aird acu ar stíl agus ar fheabhas na teanga mar is dual d’ealaíontóirí an fhocail.

Thairis sin, mar a dúirt mé go minic (cloisim na léitheoirí ag osnaíl cheana: Dia dár réiteach, tá Panu ar an diabhal téad sin arís), ní gnách leis na múinteoirí ná le húdair na n-áiseanna foghlama trácht cuí cuimsitheach a dhéanamh ar chomhréir na Gaeilge, nó is fearr leo an taobh sin den teanga a fhágáil faoi na daltaí féin – iad a chur ag léamh leabhair cosúil le dírbheathaisnéis Pheig, mar mhúnla comhréire ar cóir dóibh aithris a dhéanamh air. Cinnte is gné chasta d’aon teanga í an chomhréir, agus caithfidh mé féin a admháil gur trí staidéar ar an mbéaloideas agus ar shaothar na scríbhneoirí dúchasacha a d’fhoghlaim mé an chuid is mó dá bhfuil ar eolas agam fá dtaobh de chomhréir na Gaeilge – an dóigh a dtéann na focail i bhfeidhm ar a chéile, an dóigh a mbíonn siad ag brath ar a chéile i gcomhthéacs na habairte, an dul ceart a bhíos ar na focail. Mar sin féin, b’fhearr liomsa an chomhréir a theagasc do na daltaí – agus do na múinteoirí féin! – sula rachaidís i ngleic leis an litríocht. Is í an chomhréir an chuid den Ghaeilge is difriúla leis an mBéarla, agus mar sin, is tábhachtach gan í a fhágáil faoin dalta féin gan cuidiú leis.

Ní hionann sin is a rá nach mba chóir Peig a chur os comhair na ndaltaí scoile a thuilleadh. Níl sé ciallmhar áfach gan an modh múinte a athrú de réir is mar atá tuiscint na scoláirí ar Pheig ag forbairt. Na torthaí nua taighde a chuaigh i gcló ar Cheiliúradh an Bhlascaoid mar shampla, nó an fhianaise a thug Pádraig Tyers sa leabhar deireanach a tháinig óna pheann sular cailleadh é, mar atá, Scéal trí Scéal – ba chóir go rachadh a leithéid i bhfeidhm ar an teagasc scoile.

Mar a thuigim féin an scéal ní léir gurbh é guth Pheig féin atá ag labhairt sa leabhar is clúití dá luaitear léi, is é sin, an dírbheathaisnéis. Deirtear go raibh a cuid scéalaíochta chomh lom, chomh neamh-mhaisithe le seanságaí na hÍoslainne, agus nár dhual di cuid mhór den tsíor-bhéal bhocht agus na hagalla cráifeacha a bhfuil an “tuairisc ar imeachtaí a beatha féin” chomh torrach sin leo. Mar sin, níl i mórán díobh ach an cóiriú catha a chuir a mac féin, Mícheál Ó Guithín, agus an bhean eagar, Iníon Uí Chinnéide, ar an leabhar, toisc go raibh a dtuiscint féin acu ar an gcineál urlabhra is dual don bhean. Ní raibh Peig sách banúil ag labhairt agus á cur féin in iúl, agus mar sin, b’éigean d’fhear – dá mac – snas ceart banúil a chur ar a cuid cainte. Sin paradacsa den chineál ba chóir a chardáil leis na daltaí, agus Peig á plé leo.

Anois caithfidh mé a admháil, arís, nach bhfuil mé eolach ar theagasc “Peigeolaíoch” na scoileanna in Éirinn an lae inniu, ó tá mé lonnaithe i dtír eile ar fad, agus ní féidir liom aon rud údarásúil a rá i dtaobh stádas Pheig i dteagasc scoile Gaeilge an lae inniu. Más fíor é, áfach, nár tháinig malairt cuma ar an stádas sin le déanaí, tá súil úr ag teastáil go géar ar fad. Dá mbeifí ag múineadh fisice ó théacsleabhar a foilsíodh sna 1920idí, bheadh scannal ann; agus cén fáth nach ábhar scannail den chineál chéanna é, mura bhfuiltear ag múineadh “Pheig” de réir nuathuiscintí scolártha ár linne féin?

Posted in: Tuairim