Browsing All Posts published on »Feabhra, 2015«

Dunmharaíodh Boris Nemtsov, easaontóir Rúiseach, i Moscó

Feabhra 28, 2015 le

1

Táthar díreach tar éis Boris Nemtsov, fear de cheannairí an fhreasúra i bpolaitíocht na Rúise, a dhúnmharú go hoscailte i lár na cathrach i Moscó. Fisiceoir a bhí i Nemtsov a bhain amach an chéad chlú mar easaontóir sa bhliain 1986. nuair a chuaigh sé i gceannas ar ghluaiseacht áitiúil agóide a bhí ag cur […]

Nuaíocht Oirialla 270215

Feabhra 27, 2015 le

0

Scríobh iarrthóir an Alliance Party i nDún Theas sa toghchán Westminster atá le teacht go bhfuil sé i gcoinne pholasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Ag scríobh ar leathanach Facebook chraobh an pháirtí i nDún Theas mhaígh Martyn Todd gurbh é an chiall a bhainfeadh turasóirí Sasanacha as úsáid na Gaeilge ná […]

385. Biachlár ldt! Gaeilge ar na hOileáin Chanáracha

Feabhra 25, 2015 le

0

Arna chéadfhoilsiú ar ancroiait:
Gaeilge i ngach áit: Gaeilge faoin nGriain Is Gaeltacht í Éire ar fad más mian linn é mar tá Gaeilge againn ón scoil agus níl ag cur isteach orainn ach an meon iarchoilíneach a deireann linn gan Gaeilge a labhairt os ard sa chathair nó sa bhaile mór nó lenár…

“Spreagchárta” Uí Bhrollacháin

Feabhra 23, 2015 le

0

Tá “Spreagchárta” seolta ag Dominic Ó Brollacháin BT do Sheachtain na Gaeilge, labhair sé le Ciarán Dunbar.  

Nuaíocht Oirialla 200115

Feabhra 20, 2015 le

0

Tá athbhreithniú ‘glaoch-isteach’ iarrtha go hoifigiúil ag comhairleoirí aontachtacha ar Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin mar gheall ar pholasaí dhátheangach an chomhairle. Tá ‘Irish First’ tugtha acu ar an pholasaí cé nach bhfeil ine gceist ach leanmhain ar aghaidh ó na polasaithe a bhí aige Comhairle an Dúin agus aige Comhairle an Iúir […]

Seanchas na hÉireann do pháistí

Feabhra 20, 2015 le

0

Arna chéadfhoilsiú ar gasuirlegaeilge:
Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain Tar éis dom Ó Chéitinn go Raiftearaí le Vincent Morley a léamh le deireanas, thosaigh mé ag smaoineamh ar leabhar deas staire do pháistí a aimsiú. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leabhar seanchais a bhaisteadh ar an gcineál leabhair atá mé a chuardach, mar…

Cá mhéad vótaí ar fiú Bonn Uile-Éireann?

Feabhra 17, 2015 le

0

Ciarán Dunbar  Roghnaíodh an iar-pheileadóir Justin McNulty le seasamh ar son an SDLP go hoifigiúil an tseachtain seo caite. Bhain an fear as Mullach Bán bonn Uile-Éireann sa pheil le Contae Ard Mhacha in 2002. Seasfaidh sé mar iarrthóir i dtoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha sa toghchán Westminster atá le teacht i mí Bhealtaine. […]