Léirmheas: Ó Chéitinn go Raiftearaí

Posted on Feabhra 2, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Ar na rúin athbhliana a rinne mé bhí “leabhar Gaeilge a léamh chuile mhí.” Do Mhí Eanáir, is é an leabhar a roghnaigh mé ná Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann (2011) le Vincent Morley.  Níl an leabhar críochnaithe agam go fóill, toisc gur cuireadh moill ar theacht an leabhair tríd an gcóras iasachtaí idir-leabharlann. Ar aon chaoi, tá a leath léite agam agus tá mé ag baint taitnimh as. Áitíonn an leabhar go gcaithfear litríocht na Gaeilge a iniúchadh má táthar le meon chomhphobal na hÉireann a thuiscint sa tréimhse 1600-1850. Tá mé ar aon fhocal leis sin. Cé nach saineolaí mé ar an tréimhse seo, tá cur amach agam ar chuid mhaith de na húdair a phléanns an Morleyach; mar sin féin, ní dóigh liom gur foláir réamheolas chun an leabhar a thuiscint. Tugann an leabhar éachtaint mhaith ar litríocht pholaitiúil na linne, agus…

Amharc ar an alt bunaidh 316 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht