Matti Kassila agus Scannánaíocht na Fionlainne

Posted on Feabhra 2, 2015 le

0



Chuimhnigh cara Gaelach dom go raibh Matti Kassila, an stiúrthóir scannán ón bhFionlainn, ag ceiliúradh a bhreithlae ar an 12ú lá de Mhí Eanáir, agus thuig mé sin mar leid agus mar spreagadh chun cúpla focal a bhreacadh síos le haghaidh léitheoirí an Tuairisceora faoi Kassila agus faoin ról a bhí aige i stair na scannánaíochta Fionlannaí. Nó bhí sé ar stiúrthóirí móra ár dtíre: aon duine a chromfadh ar an stair sin a reic ó thús go deireadh caithfidh sé trácht cuimsitheach a dhéanamh ar shaothar Kassila.

Peter von Bagh

Peter von Bagh, an scoláire scannánaíochta a thug a gceart do stiúrthóirí agus d’aisteoirí na seanscannán Fionlannach. Stiúrthóir scannán ann féin ab ea é freisin, agus chóirigh sé a lán féilte scannánaíochta san Fhionlainn. (Leis an ainm ceilte Soppakanuuna ó Vicipéid na Fionlainnise cóipcheart an ghrianghraif seo.)

Nuair a bhí mé óg, bhí seach-chiall áirithe – nó fiú cineál seanbhlas – le haithint ar na focail vanha suomalainen elokuva, “seanscannán Fionlannach”. B’ionann sin agus scannán dubh agus bán a bhí suite i saol na tuaithe, agus é curtha ó mhaith ag aisteoireacht aibhéileach aiféiseach mhéaldrámatúil. Idir an dá linn, áfach, d’athraigh an dearcadh coitianta ar an traidisiún scannánaíochta seo, agus d’admhaigh an chuid is mó de na tráchtairí cultúir sna meáin go mba chóir na seanscannáin Fhionlannacha a mheasúnú de réir théarmaí a linne féin. Ba é an scannáneolaí Peter von Bagh (1948-2014) ba mhó a rinne ábhar fiúntach taighde de na scannáin seo, agus d’fhoilsigh sé lear mór leabhar faoi stiúrthóirí móra na Fionlainne i ré na seanscannán.

Matti_Kassila

Matti Kassila sa bhliain 2011, nuair a bronnadh duais Jussi – “Oscar na Fionlainne” – air as saothar a shaoil go léir. (Leis an ainm ceilte Peltimikko ó Vicipéid na Fionlainnise cóipcheart an ghrianghraif seo.)

 

Is minic a chuirim na seanscannáin Fhionlannacha, mar choincheap cultúrtha, i gcomparáid le scéim aistriúcháin an Ghúim. Scéim fhiúntach – nó gúm fiúntach (mar a deirtear i nGaeilge Bhaile an Chláir) a bhí ann, ach san am chéanna bhí an gúm sin go mór mór faoi ionsaí ag na scríbhneoirí Gaeilge ar chúiseanna éagsúla – más buan mo chuimhne, ba é tuairim Mháirtín Uí Chadhain féin gur mhó i bhfad dochar na scéime seo ná an leas a rinne sí do litríocht na Gaeilge. Níor tuigeadh ach le déanaí gur scéim fhiúntach a bhí ann, pé locht a d’fhéadfá a fháil uirthi: a lán de na haistriúcháin a rinneadh tá an-Ghaeilge iontu agus lón deas léitheoireachta sna leabhair a haistríodh. Cosúil leis sin, cé go bhfuil lorg na tobtháirgíochta ar a lán de na seanscannáin Fhionlannacha, tuigtear dúinn inniu cén chailliúint a bhí ann do chultúr na Fionlainne nuair a ligeadh do thionsclaíocht dhúchasach na scannánaíochta dul i léig agus in éag, mar a tharla go sciobtha le teacht na teilifíse sna seascaidí.

Rugadh Matti Kassila sa bhliain 1924, agus mar sin, d’fhoghlaim sé uraiceacht a cheirde ó stiúrthóirí móra na seanlinne, go háirithe nuair a bhí sé ina chúntóir ag Valentin Vaala. Stiúrthóir bisiúil a bhí i Vaala a rinne dhá scór scannán i rith a ghairmréime, ó dheireadh na bhfichidí go túsbhlianta na seascaidí. Le fírinne, Rúiseach a bhí ann ó thús, cé go raibh Fionlainnis agus Sualainnis go líofa aige chomh maith lena theanga dhúchais: Ivanov an fíor-shloinne a bhí air. Cibé faoina chúlra pearsanta bhí suim mhór aige i litríocht dhúchasach na Fionlainne, agus bhunaigh sé a lán scannán ar shaothair chlasaiceacha na litríochta sin. Is é an breithiúnas a thug Kassila féin ar Vaala gur stadin kundi (“buachaill ón bPríomhchathair” i leathchaint Heilsincí – is é sin, fear arbh é Heilsincí cathair a dhúchais) a bhí ann cé gur Rúiseach ab ea é.

isäntä soittaa hanuria

Fógrán don scannán Isäntä soittaa hanuria. Ba é Kalle Viherpuu (1893-1952) a rinne páirt “fhear an tí ag seinm bosca ceoil”. Bhíodh sé le feiceáil i ról coiméideach an trudaire tuaithe go mion minic i ré na seanscannánaíochta san Fhionlainn. (Pictiúr: Vicipéid na Fionlainnise.)

 

Cé gur thosaigh Kassila ar a ghairmréim faoi thionchar na seanscannánaíochta Fionlannaí, bhí i ndán dó an léim a ghearradh ó ré na seanscannán go ré na scannán nua-aimseartha. An chéad scannán a stiúir sé féin, is é an teideal a bhí air ná Isäntä soittaa hanuria, is é sin “Fear an Tí ag Seinm an Bhosca Ceoil”. Fronsa nó scigscannán den chineál is simplí atá ann, agus é ag cur thar maoil le daoine ag baint an tátail mhíchirt as a chéile – cineál comedy of errors atá ann mar a déarfadh an Béarla. Compántas sorcais is cúis leis an gcuid is mó de na míthuiscintí barrúla, agus tríd is tríd níl mórán substainte ann mar scannán – níl mórán difríochta idir é agus greannscannáin eile na linne.

Nuair a chrom Kassila ar an gcéad scannán eile, áfach, tháinig chun solais go sciobtha go raibh a chiall féin aige don cheird. Professori Masa a bhí ar an scannán – “ollamh” is brí leis an bhfocal professori, ar ndóigh, agus is leagan leathchainte den ainm Matias nó Matti é an t-ainm Masa – is ionann an bunleagan agus Maitias na Gaeilge. Le fírinne is deacair an chodarsnacht idir an dá fhocal i dteideal an scannáin a léiriú as Gaeilge: focal é professori nach dtig leis an bhFionlannach aonteangach a fhuaimniú i gceart, ós rud é nach mbíonn cairn chonsan, cosúil le pr-, i dtús na bhfocal dúchasach san Fhionlainnis, agus is fuaim choimhthíoch é an consan úd sa teanga chomh maith. Na fir oibre a thabharfadh Masa ar a chéile, rachadh sé rite leo an focal professori féin a rá gan rohvessori a dhéanamh de sa chaint.

Professorimasa

Fógrán don scannán Professori Masa. Ba é an scríbhneoir grinn Arijoutsi (fíor-ainm Heikki Sakari Marttila) a bhreac síos an script don scannán. Chonacthas lánúin íocónach na scannán Fionlannach, Tauno Palo agus Ansa Ikonen, ar an scáileán: ba é Palo a rinne páirt an Ollaimh, agus Ansa Ikonen ina hiriseoir mná atá ag cur agallaimh ar an Ollamh Masa. (Foinse: Vicipéid na Fionlainne.)

 

Is é Matias Kaarivaara laoch an scannáin: ollamh le socheolaíocht é agus é ag lochtú na bhfear oibre, chomh haraiciseach is a bhíos siad chun stailce, dar leis. San am chéanna áfach is fear fiosrach é mar is dual don scoláire agus é ag sculcaireach timpeall thíos sa chuan le tuilleadh a fháil amach faoi thuairimí an lucht oibre. Oíche amháin cuirtear sonrú ann, ach is é an tátal a bhaineas na fir oibre as go bhfuil sé dífhostaithe agus é ar lorg jab sna stíbheadóirí. Mar sin, téann Matias Kaarivaara – nó “Masa Vaara”, mar a thugas sé air féin – le stíbheadóireacht mar mhalairt slí bheatha, agus an scannán ag caitheamh súil ar an dóigh a gclónn sé le saol na bhfear oibre agus a bhfoghlaimíonn sé a ndearcadh siúd ar shaol na sochaí agus ar na ceisteanna eacnamaíochta agus oibreachais a thuiscint.

Cé gur scannán grinn a bhí ann go bunúsach, bhí an t-ábhar sách tromchúiseach, ó bhí stailceanna agus diospóidí oibreachais ag streachailt na tíre as a chéile san am (sa bhliain 1950 a tháinig an scannán ar an scáileán), agus na Cumannaigh ag teacht i dtír ar na diospóidí seo, rud a bhain scanradh as a lán Fionlannach san am. (Ní mór cuimhne a choinneáil air go raibh na Cumannaigh láidir go leor sa tír, mar iarmhairt ó laethanta an chogaidh chathartha sa bhliain 1918.) D’fhéadfá a rá gur iarracht ab ea Professori Masa maolú ar na codarsnachtaí sóisialta seo agus béim a chur ar chomleas an náisiúin go léir – rud a thug na léirmheastóirí radacacha faoi deara freisin, agus nár thaitin leo.

Ba iad Tauno Palo agus Ansa Ikonen a rinne na príomhpháirteanna. Ba iadsan lánúin íocónach na scannán Fionlannach san am, agus shíl go leor daoine go raibh siad pósta ceangailte san fhíorshaol, chomh minic is a bhídís ag titim i ngrá ar an scáileán. Le fírinne, ní raibh siad rómhór le chéile ar dtús, agus ní raibh siad ina n-anamchairde ina dhiaidh sin féin, cé go raibh meas acu ar scileanna a chéile mar aisteoirí proifisiúnta. Tauno Palo a rinne páirt an Ollaimh, agus ba í Ansa Ikonen an t-iriseoir mná a thug teasghrá don Ollamh.

Mhair Kassila ag déanamh scannán i ndiaidh scannáin faoi dheifir agus faoi dhriopás, mar ba dhual do thionsclaíocht scannánaíochta na Fionlainne san am. Mar sin féin is féidir buaicphointí a aithint sna táirgi creasa iompair sin féin. Sa bhliain 1951 chuaigh Radio tekee murron – “An Raidió ina Bhuirgléir” – ar an scáileán. Bhí an scannán seo bunaithe ar eachtra an chraoltóra Usko Santavuori go gairid roimhe sin.

Bhris Santavuori fuinneog i siopa seodra i Heilsincí istoíche le caoinchead ó cheannasaí na bpóilíní agus ó úinéir an tsiopa le fáil amach cé chomh luath a thiocfadh an patrólcharr ag fiosrú. Ní raibh a fhios ag na póilíní patróil cad é a bhí ar shiúl, agus shíl siad gur fíorbhuirgléir a bhí ann. Mar sin, thug siad drochíde don chraoltóir i gcomhchlos do na héisteoirí raidió go léir, rud a tharraing cuid mhaith calláin sna meáin. Ba é ba chúis leis an bhforéigean, mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin, gur shíl na póilíní go raibh comhchoirí ag Santavuori, toisc gur chualathas é ag labhairt leis an tarchuradóir iniompartha a bhí aige, le cur amach a thabhairt do na héisteoirí ar na himeachtaí de réir is mar a bhí siad ag titim amach – is é an tátal a bhain na póilíní as gur ag tabhairt rabhaidh don chomhchoirí a bhí sé. Bhí sé le cloisteáil ar an gcraoladh féin, dáiríribh, agus na póilíní ag fiafraí den chraoltóir go garbh: Missä kaveri? Kaveri? (“Cá bhfuil do chompánach? Do chompánach?”)

Scannán suimiúil eile ab ea an scéinséir Varsovan laulu – “Amhrán Vársá”. Cineál double entendre é teideal an scannáin, nó is é is ciall le h-“amhrán Vársá” i mbéarlagair greannmhar na bhFionlannach ná vodca smuigleáilte ón bPolainn, “an stuif ón bPolainn a chuirfeas ag canadh amhráin thú” mar a déarfá. Mar sin, tá imeachtaí an scannáin suite i mblianta an toirmisc ar bhiotáille. Cosúil leis an bProhibition sna Stáit Aontaithe, bhí dlí i bhfeidhm san Fhionlainn sna blianta 1919-1932 a choisc déantús agus iomportáil gach cineál biotáille, agus ar ndóigh chuaigh an smuigleáil thar fóir ar fad le linn an toirmisc seo. Ábhar maith do scannán lán sceitimíní a bhí ann, agus sa bhliain 1953, fuair na sluaite móra Varsovan laulu le feiceáil.

Varsovan_laulu

Fógrán don scannán Varsovan laulu. (Pictiúr: Vicipéid na Fionlainnise)

 

Ba é Åke Lindman (1928-2009) a rinne páirt an smuigléara, agus ar ndóigh bhí cailín ag an smuigléir sa chuan choimhthíoch – Chris Paischeff (1929-1997). Bhí Paischeff ag aisteoireacht san Amharclann Sualainnise i Heilsincí, ach cé gur an-femme fatale a bhí inti ó thaobh na cosúlachta de, ní raibh mórán gairmréime i ndán di mar aisteoir i ndiaidh an scannáin seo: chaith sí an chuid ba mhó dá saol ag obair do mhórshiopa leabhar i Heilsincí. Maidir le Lindman, áfach, ba ar a chrannsan a thiteadh sé san am sin páirteanna na mbithiúnach a dhéanamh ar na scannáin Fhionlannacha, rud nár thaitin mórán leis féin. Le fírinne d’éirigh Lindman as aisteoireacht de réir a chéile agus chuaigh sé le stiúrthóireacht scannán.

Scéinséir maith a bhí in Varsovan laulu, ach san am chéanna bhí amaitéarachas áirithe le haithint air mar scannán. Na smuigléirí coimhthíocha a raibh caidreamh ag rólphearsa Lindman leo, ba é an Béarla an teanga a bhí á labhairt acu, seachas Gearmáinis nó Polainnis – ar ndóigh ní raibh focal Polainnise i bpluc aon duine de na haisteoirí, ach shílfeá go mbeadh an Ghearmáinis ní b’inchreidte i gcoimhthéasc Mhuir Bhailt, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta is a bhí salacharáil éigin Gearmáinise ag Fionlannaigh san am. Ba é ba chúis leis an mBéarlachas seo ná gur theastaigh ón gcomhlacht léiritheoireachta an scannán a dhíol le dáileoirí scannán ar an gcoigríoch. Cineál idirnáisiúntóireacht chiotach a bhí ann dar leis na léirmheastóirí san Fhionlainn féin, agus níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.

Sa bhliain 1954 rinne Kassila saothar a raibh aidhmeanna ealaíonta leis, mar atá, Sininen viikko (“An tSeachtain Ghorm”). Bhí an scannán seo bunaithe ar ghearrscéal leis an scríbhneoir Fionlannach Sualainnise Jarl Hemmer, Den blå veckan. Scéal anghrách faoi thriantán grá a bhí ann, agus rinne na scrúdóirí cinsireacht ar an gcuid ab earótaí den scannán. Ní raibh na léirmheastóirí róshásta leis an scannán nuair a chonaic siad an chéad uair é. Bhí siad sásta leis an stiúrthóireacht, ach san am chéanna, fuair siad locht ar Kassila mar scriptscríbhneoir, agus iad barúlach nach raibh craiceann inchreidte ar scéal an ghrá thoirmeasctha. Inniu áfach áirítear Sininen viikko ar shaothair mhóra an stiúrthóra, agus dealraítear leis an neoverismo Iodálach féin é.

Nuair a bhí na caogaidí ag druidim chun deireanais, scannánaigh Kassila dhá shaothar eile a bhí bunaithe ar litríocht dhúchasach ár dtíre: Elokuu (“Mí Lúnasa”) agus Punainen viiva (“An Líne Dhearg”).

isillan001p1

Frans Eemil Sillanpää (1888-1964), an t-aon Fhionlannach a bhain amach Duais Nobel sa litríocht (1939).

Tá Elokuu bunaithe ar mhionúrscéal le Frans Emil Sillanpää. Ba é Sillanpää an t-aon scríbhneoir Fionlannach a bhain amach Duais Nobel sa litríocht riamh: scríobhadh sé scéalta liriciúla faoi shaol tuaithe na Fionlainne a raibh blas an-earótach orthu. Cuireadh i gcomparáid le D.H. Lawrence é lena linn. Dealraíonn sé áfach gur ar an gcoigríoch is mó a léitear inniu é: nuair a haistríodh an t-úrscéal Nuorena nukkunut leis go teangacha Lochlannacha, chuaigh ainm an phríomhcharachtair, Silja, chun leitheadúlachta i gCríoch Lochlann. “A Thit ina Codladh go hÓg” is ciall leis an teideal sin Nuorena nukkunut, agus is é an cineál duine atá in Silja ná cailín óg a bhfuil eitinn ag creimeadh uirthi, díreach nuair atá sí ag muscailt chun collaíochta. Mar sin, tá an grá agus an bás in aice a chéile sa scéal, mar is dual do Sillanpää.

Scéal faoin gcollaíocht agus faoin mbás é Elokuu freisin: an fear atá i gcroílár an scannáin agus an úrscéil, is scríbhneoir drámaí é – dar leis féin – ach ó nach bhfuil a chuid uaillmhianta scríbhneoireachta ag teacht i gcrann, caithfidh sé leor a ghabháil leis an jab a fuair sé ag tabhairt aire do loc canála i réigiún na loch in Oirthear na Fionlainne. Tá sé ina dhruncaire doleigheasta, agus an caidreamh lena bhean chéile ag dul chun donais dá réir; is é an bás atá i ndán dó sa deireadh, ach roimhe sin, caitheann an scannán súil ar na cumainn ghrá agus ar na triantáin ghrá máguaird, i saol na ndaoine a bhfuil baint acu le fear na canála.

Ansin tháinig ré an Chigire Palmu.

Cigire póilíní é an Cigire Palmu, agus é ina phríomhlaoch i roinnt úrscéalta bleachtaireachta a tháinig ó pheann Mika Waltari, arbh é an scríbhneoir ba bhisiúla dár rug ar an bpeann san Fhionlainn riamh, is dócha. Scríobh sé roinnt úrscéalta móra stairiúla, go háirithe Sinuhe egyptiläinen, “Sinuhe, an tÉigipteach”, eipic mhillteanach a scannánaíodh i Hollywood féin, faoin teideal Béarla The Egyptian. 

Ní féidir a rá gur litterateur engagé a bheadh i Waltari. I dtús a ghairmréime liteartha bhí sé gníomhach sa ghrúpa scríbhneoirí Tulenkantajat nó “Iompróirí na Tine” a bhí ag iarraidh nua-aoiseachas a thabhairt isteach i litríocht na Fionlainne. “Osclaímis na fuinneoga i dtreo na hEorpa!” an mana a bhí acu, agus b’ionann an Eoraip agus an Fhrainc – tír nach raibh mórán tionchair aici ar chultúr na Fionlainne roimhe sin (ná inniu féin, le fírinne). Ba é Olavi Paavolainen, file agus scríbhneoir aistí, ceann feadhna na nIompróirí Tine; an chuid ba mhó acu ba filí iad, agus cé gurbh iad na prós-saothair an chuid ba thábhachtaí dár tháinig ó pheann Waltari, bhain sé triail as an bhfilíocht fosta: d’fhoilsigh seisean agus Paavolainen díolaim dánta faoin teideal Valtatiet, “Na hOllbhealaí”. Dream an-éagsúil ab ea Iompróirí na Tine. Chuaigh cuid acu le Kiila (“An Ding”), cumann na n-ealaíontóirí Sóisialacha, sa deireadh (ina measc siúd an file mná Katri Vala), ach níor mhair an spiorad ceannairceach i bhfad sa chuid eile acu. Sampla acu siúd a bhí i Waltari. Nuair a bhí tamaillín beag caite aige ag súgradh le hidé-eolaíochtaí reibiliúnacha na linne, cosúil leis an Sóisialachas féin, d’iompaigh sé ina haic agus ina pheann ar díol.

waltarisillanpäälassinummi

Mika Waltari (i lár an phictiúir) ar cuairt i dteach Frans Emil Sillanpää (ar dheis). Is é an fear ar chlé an file Lassi Nummi. Ón mbliain 1958 an grianghraf seo. (Pictiúr: Vicipéid na Fionlainnise)

Ní hionann sin is a chur ina leith nach raibh sé ina scríbhneoir mhaith, a mhalairt. Fear proifisiúnta a bhí ann thar aon rud eile, agus is í an sciliúlacht ghairmiúil a fhágas a chuid leabhar soléite suimiúil ag lucht an lae inniu féin. Scríobhadh sé úrscéalta móra stairiúla cosúil le Sinuhe egyptiläinen; scríobhadh sé drámaí raidió; scríobhadh sé scríbhinní bolscaireachta i mblianta an chogaidh; scríobhadh sé scéalta a raibh blas áirithe earótaice orthu; scríobhadh sé úrscéalta bleachtaireachta. Agus ba iad na leaganacha scannánaithe de na húrscéalta bleachtaireachta sin an chuid ab fhearr de shaothar Kassila, dar leis na scoláirí scannánaíochta agus leis na gnáthfhéachadóirí araon.

Ba é Komisario Palmun erehdys (“Dearmad an Chigire Palmu”) ón mbliain 1960 an chéad scannán acu seo. Sa bhliain 2012 d’fhógair léirmheastóirí scannánaíochta na Fionlainne gurbh é an scannán ab fhearr dá ndearnadh san Fhionlainn riamh, agus ní féidir a shéanadh go bhfuil an ceann seo ar scannáin mhóra ár dtíre. Ba é Joel Rinne a bhí ina Chigire, nó bhí taithí ag an aisteoir iltaobhach amharclainne seo ar ról an bhleachtaire ó na scannáin faoi Kuollut Mies sna 1940idí. Ba é Kuollut Mies nó “an Fear Marbh” an laoch i dtrí scannán a bhí bunaithe ar scéinséirí Simo Penttilä (fíorainm Uuno Hirvonen, 1898-1971). Údar bisiúil ab ea Penttilä a scríobhadh scéalta éadroma eachtránaíochta faoin Iarthar Fiain agus faoi Mheiriceá Theas chomh maith le húrscéalta bleachtaireachta faoin bhFear Marbh. 

Carachtair dhodhearmadta iad an bheirt chúntóirí a bhí ag Palmu chomh maith: Virta (Matti Ranin) agus Kokki (Leo Jokela). Fear óg idéalach é Virta agus é ag obair ina phóilín agus ag staidéar dlí san am chéanna; an cineál Fionlainnise a labhraíos sé, tá sé chomh cóngarach don chaighdeán scríofa is nach gcloisfeá a leithéid inniu ó aon duine. Maidir le Kokki, tá seisean bunoscionn ar fad le Virta, nó is fear ó shráid na mórchathrach é, agus é ag labhairt leathchaint na mórchathrach.

Komisario_Palmun_erehdys_DVD

Fógrán (nó lipéad DVD) don scannán Komisario Palmun erehdys. (Pictiúr: Vicipéid na Fionlainnise)

 

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur teanga gan a leithéid eile í seanchaint an lucht oibre i Heilsincí, chomh torrach is atá sí le focail thruaillithe ón tSualainnis agus ón Rúisis: is minic a bhíos sé ag dul rite le daoine ó chodanna eile na Fionlainne bun ná barr a dhéanamh di. An teilgean cainte a chonaic muid thuas, stadin kundi, is sampla tipiciúil é den chanúint seo: tá dhá fhocal Sualainnise ann, stad, cathair, agus kund, custaiméir, agus iarmhíreanna Fionlainnise curtha leo. Tháinig athrú ar chiall an dá fhocal i gcaint na ndaoine, áfach: is é is ciall le stadi ná Heilsincí, an phríomhchathair, nó “an t-aon chathair san Fhionlainn” mar a déarfadh bunadh na háite féin chomh bródúil is a bhíos siad as áit a ndúchais; agus is éard a chiallaíos kundi ná “buachaill, díolúnach, malrach, fear”.

Cuid den fheistiú stáitse í canúint Kokki, nó is féidir a rá go ndéanann an scannán craosaireacht ar atmaisféar agus ar radharcra na príomhchathrach sna laethanta a bhí. Tá gach uile shórt ar fáil don fhéachadóir: scéal bleachtaireachta faoi dhúnmharú, chomh maith lena lán grinn agus magaidh, agus an t-iomlán seo i bhfráma na seanchathrach a chuirfeadh cumha ar an té nár thug cuairt ar Heilsincí riamh. Ní bhíonn sé furasta greann agus dáirireacht a phósadh in aon scannán amháin, ach is é breithiúnas na léirmheastóirí go léir gur éirigh le Kassila go gleoite an dá rud a cheangal dá chéile ar an scannán seo.

Inniu féin tá ráchairt mhór ar Komisario Palmun erehdys i measc mhuintir na Fionlainne, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil an DVD sin ar fáil ar mo sheilf féin le deich mbliana anuas. Dúirt Kassila faoi agallamh ag comhlacht craoltóireachta na Fionlainne sa bhliain 2012 gur casadh triúr fear – athair mór, athair agus mac – air le déanaí a bhí chomh doirte do na scannáin faoi Palmu is go mbíodh siad ag tagairt do na scannáin gan stad ag labhairt le chéile dóibh. Bhí a fhios agam gur scannán maith a bhí á stiúradh agam, ach ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh maith seo, arsa Kassila leis an agallóir, agus é breá sásta leis an saothar, is dóigh liom!

Kaasua,_komisario_Palmu!_DVDn_kansikuva

Lipéad DVD don dara scannán faoin gCigire Palmu. (Pictiúr: Vicipéid na Fionlainnise.)

 

An dara scannán faoin gCigire Palmu, is é an teideal a bhí air ná Kaasua, komisario Palmu! (“Gás, a Chigire Palmu!”). Bhí sé bunaithe ar an úrscéal Kuka murhasi rouva Skrofin? (“Cé a mharaigh Bn. Skrof?”). Baintreach shaibhir í bean Skrof agus í marbh le gás sornóige, agus is léir gur dúnmharú atá i gceist. Caithfidh Palmu agus a chuid cúntóirí fáil amach cé a rinne an t-ainghníomh seo, agus feictear bithiúnaigh shuimiúla ar an scannán a bhfuil amhras ar an gcigire fúthu. Duine acu é an seanmóirí Mustapää, a ndearna Risto Mäkelä a pháirt: léiriú ar an gcineál aisteoir a bhí ann ná go raibh ról Molotov aige sna seachtóidí i sraithscéal teilifíse faoin bhFionlainn sa Dara Cogadh Domhanda. Is deacair Mustapää a ligean i ndearmad, nó is é ionchollú an chaimiléara reiligiúnaigh é leis na geáitsí bréagchráifeacha a chuireas sé air féin chomh maith leis an tsaint atá aige in oidhreacht na mná mairbhe – chuaigh sí i bpobal reiligiúnach an tseanmóirí go gairid roimh a bás, agus Mustapää ag iarraidh a áitiú ar na húdaráis anois go bhfuil an oidhreacht ag dul dá phobal féin.

Tähdet_kertovat,_komisario_Palmu_DVD_kansikuva

Lipéad DVD don tríú scannán faoin gCigire Palmu. (Tá an lipéad bunaithe ar fhógrán ón am ar tháinig an scannán ar an scáileán an chéad uair riamh. Foinse: Vicipéid na Fionlainnise.)

 

Maidir leis an tríú scannán faoin gCigire Palmu, is é an teideal a bhí air ná Tähdet kertovat, komisario Palmu (“Is iad na réaltaí a inseos an scéal, a Chigire Palmu”). Bhí Waltari díreach ag iarraidh mórúrscéal nua stairiúil a chumadh – Ihmiskunnan viholliset (“Naimhde an Chine Dhaonna”) an teideal a bhí air, agus is é The Roman a baisteadh ar an leabhar as Béarla. (Ba é an t-úrscéal céanna a bhí ina ábhar scannail sa bhliain 2008, nuair a tháinig chun solais go raibh léiritheoir Meiriceánach teilifíse dar shloinne Slater tar éis úrscéal stairiúil a “scríobh” cúig bliana roimhe sin nach raibh ann go bunúsach ach athscríobh ar The Roman; Lindum Colonia a bhaist an Poncán ar an leabhar bradach seo.) Bhí ag teip ar Waltari an t-úrscéal a chríochnú (mar a d’iompaigh an scéal amach, ba é seo an t-úrscéal deireanach a tháinig ó pheann an scríbhneora), agus d’fhiafraigh Mauno Mäkelä, arbh é ceann an chomhlachta léirithe Fennada-Filmi é, an mbeadh sé sásta éirí as an mórúrscéal go ceann tamaill le scéal nua a bhreacadh síos faoi eachtraí an Chigire Palmu. Bhí agus fáilte, agus níor thóg sé ach trí seachtaine ar Waltari úrscéal nua bleachtaireachta a chumadh.

Dúnmharú atá i gceist arís, agus is é an duine a maraíodh ná seanfhear neamhurchóideach a mbíodh de nós aige réaltaí a bhreathnú trí theileascóp. Ar dtús cuireann Palmu gron i mbaicle déagóirí a mbíonn mionchoiriúlacht idir lámhaibh acu, dar leis – is dóigh le Palmu gur féidir gurb iad siúd a mharaigh an seanfhear. Ina dhiaidh sin, áfach, faigheann sé amach gur sean-Mhaor Airm dar sloinne Vadenblick an fíor-dhíol drochamhrais – fear sotalach a shíleas an dúrud de féin, nó dealraíonn sé go bhfuil sé tar éis a bhean chéile a mharú, chomh maith le hiníon na mná céanna, girseach óg a raibh cumann craicinn aige léi, cé nach raibh na húdaráis in ann é a chiontú sna drochghníomhartha seo.

Bhí Kassila le scannán eile fós a stiúradh faoin gCigire Palmu, ach sa bhliain 1963 thosaigh stailc aisteoirí a chuir deireadh le ré órga na seanscannánaíochta san Fhionlainn. Mhair an stailc dhá bhliain go leith, agus ba é ba thoradh di gur theip an gnó go hiomlán ar Suomen Filmiteollisuus, arbh é an comhlacht scannánaíochta ba mhó a bhí ann – le fírinne, ba é an comhlacht seo Hollywood na Fionlainne san am. Ar ndóigh bhí an teilifís ag dul chun leitheadúlachta faoin am chéanna, agus is minic a deirtear gurbh é an meán nua seo ba mhó ba chúis le bás na seanscannánaíochta. Is dócha áfach go mbeadh na stiúideónna móra, SF ach go háirithe, in ann a gcuid féin a dhéanamh den teilifís mar mheán taispeánta agus margaíochta, murach gur fhág an stailc an gnó go léir ar fionraí i mblianta na cinniúna.

Bhí Kassila in ann scannáin a dhéanamh i ndiaidh na ré órga féin, nó bhí an teilifís ar fáil dó mar fhostóir nua. Bhíodh sé ag stiúradh drámaí teilifíse, mar shampla, cosúil leis an gceann a bhí bunaithe ar Pariisilaissolmio (“Carbhat ó Pháras”), mionúrscéal le Mika Waltari. Ní raibh ag éirí leis scannáin mhaithe a dhéanamh a thuilleadh, áfach. Dealraíonn sé go ndeachaidh fuascailt na collaíochta sna seascaidí chun dochair dó. Bhí sé in ann scannáin a dhéanamh faoi ábhar earótach roimh na seascaidí, toisc go raibh ciall mhaith aige d’aeistéitic na linne sin, nuair a chaithfeadh an féachadóir an earótaic a aithint i mionleideanna. Nuair a cuireadh an saol collaí lomnocht os comhair na poiblíochta, áfach, ní raibh leithéidí Kassila in ann saothar a dhéanamh a thuilleadh a bheadh oiriúnach do thoighis na ré nua.

Rinne Kassila iarrachtaí áirithe sracadh nua a chur sa seanábhar. Mar shampla, tháinig scannán nua faoin gCigire Palmu ar an scáileán sna seachtóidí, Vodkaa, komisario Palmu (“Vodca, a Chigire Palmu”). Ní raibh an scéal bunaithe ar aon leabhar le Mika Waltari a thuilleadh, le fírinne níor thug sé ach a chaoinchead úsáid a bhaint as carachtair ina chuid scéalta. Bhí scéal an scannáin suite sa saol chomhaimseartha, nuair a bhí tionchar réasúnta láidir ag na Cumannaigh óga ar atmaisféar an tsaoil chultúrtha sa tír. Mar sin, bhí gníomhaire mná de chuid an KGB ina laoch sa scannán (ba í Lilga Kovanko, banaisteoir Fionlannach de phór na Rúise, a rinne an ról, ó bhí cúpla focal Rúisise ag teastáil).

Is dócha gurb é an scéinséir Jäähyväiset presidentille (“Slán leis an Uachtarán”) ón mbliain 1987 an scannán ab fhearr dár stiúir Kassila sna hochtóidí. Bhí sé bunaithe ar úrscéal le Pentti Kirstilä (1948-), a bhí i mbéal an phobail mar scríbhneoir scéalta bleachtaireachta sna hochtóidí. Is éard is ábhar don scannán ná dúnmharfóir craiceáilte atá meáite ar Uachtarán na tíre a mharú, fear atá splanctha i ndiaidh na n-arm tine, agus é ag lámhach daoine nach bhfuil aithne aige orthu ar mhaithe leis an gcleachtadh. Ba é Hannu Lauri a rinne páirt an dúnmharfóra, agus ba mhaith a d’éirigh an ról leis – bhí sé iontach inchreidte. Ón taobh eile de, bhí na léirmheastóirí inbharúla nach raibh ábhar an scannáin oiriúnach don Fhionlainn, agus iad ag síleadh gur scéinséir Meiriceánach a bhí ann a fáisceadh isteach i bhfráma Fionlannach nach raibh sé oiriúnach dó.

Kino Suomi: Jäähyväiset presidentille (16)

Hannu Lauri ag déanamh páirt an dúnmharfóra ar an scannán Jäähyväiset presidentille. Mar is léir ón ngrianghraf seo, d’éirigh leis go gleoite an fear mire a ionchollú – bhainfeadh sé scanradh asat teagmháil ar a leithéid de dhiolúnach ar an gcúlsráid le clapsholas! (Foinse: Vicipéid na Fionlainnise.)

 

Nuair a taispeánadh an scannán ar an teilifís anuraidh, áfach, ba é an breithiúnas a tugadh ar an scannán go raibh sé ní ba inchreidte inniu ná nuair a rinneadh é. Idir an dá linn bhí cúpla eachtra lámhaigh san Fhionlainn a d’fhág a rian ar an atmaisféar sa tír, go háirithe na himeachtaí i Jokela sa bhliain 2007, nuair a mharaigh fear óg darbh ainm Pekka-Eric Auvinen deichniúr, é féin san áireamh, i scoil i Jokela (ceantar tuaithe Tuusula in aice le Heilsincí, príomhchathair na tíre).

Scéinséir ab ea an scannán deireanach freisin a stiúir Kassila, Kaikki pelissä ón mbliain 1994. Bhí imeachtaí an scéinséara suite i saol na scannánaíochta, ach mar a tháinig chun solais, bhí an fíorshaol ag déanamh aithris ar an ealaín, nó chuir léiritheoir an scannáin ina phóca féin cuid mhór den airgead a fuair an comlacht léiriúcháin ó Fhondúireacht Scannánaíochta na Fionlainne – ba é sin ba chúis le chomh daor is a chosain an scannán seo, i bhfad níos daoire ná aon cheann eile san Fhionlainn sna nóchaidí. Tharraing an scannán scannal, mar sin, agus is deacair a rá cé acu an scannán féin nó an scannal ina dhiaidh a bhí ní ba suimiúla.

Le fírinne ní fhaca mé féin Kaikki pelissä riamh: b’éigean dom ceist a chur ar chara liom a bhfuil muinín agam as mar shaineolaí scannánaíochta, cad é mar a chuaigh an scannán i bhfeidhm airsean. Níor áirigh sé ar shaothair mhóra Kassila é, cé nach ar an stiúrthóir a chuir sé an locht ach ar na haisteoirí, ó chuir siad an scannán ó mhaith le drochaisteoireacht is le geáitsí, dar leis. Bíonn tuairimí eile ann áfach. Nuair a chonaic Derek Hill ón iris Variety an scannán, bhí sé breá sásta leis, agus é barúlach nach samhlófá scannán chomh friseáilte sin le stiúrthóir chomh seanbhunaithe le Kassila.

Bhí Kassila pósta ar an aisteoir Aino Mantsas, a fuair bás le hailse cíche. Ní raibh muinín aici as an “leigheaseolaíocht scoile”, agus mar sin ní raibh sí sásta dul faoi scian an mháinlia. An mac a saolaíodh dóibh i ndeireadh na gcaogaidí, Taavi Kassila, rinne sé féin scéinséir sa bhliain 1988 a raibh an-ghealladh faoi i ndeireadh na n-ochtóidí, Petos (“An Geall”): bhí an scannán bunaithe ar imeachtaí saoil an robálaí bainc Hilarius Sorjonen (1909-1954) a tharraing súil an náisiúin air féin i dtús na gcaogaidí. Ar an drochuair d’éirigh Kassila óg as stiúrthóireacht scannán ina dhiaidh sin: cosúil lena mháthair chuaigh sé le hasarlaíocht is le rúndiamhróireacht, agus é ag obair ina mhúinteoir ióga inniu.

Posted in: Nuacht