Beart agus briathar an Fhorais 

Posted on Feabhra 9, 2015 le

0



Aindrias Ó Cathasaigh 

Ó thit an tubaist eacnamaíochta anuas orainn, is minic a bhí ar ár bhformhór an crios a theannadh. Is minic a d’áitigh daoine i gcumhacht orainn é a dhéanamh, mar nach raibh an dara rogha ann. Is annamh, áfach, a bhraith siadsan an gátar chomh géar céanna leis an gcuid eile againn.

Ba é an scéal céanna i dtaca leis an nGaeilge é. Agus acmhainní dá ngearradh siar, bhí ar chuile dhuine agus chuile thionscnamh a theacht le níos lú, a dúradh. Ach b’fhéidir nárbh amhlaidh do chuile dhuine…

In 2012 agus Foras nForas logoa Gaeilge ag féachaint le maoiniú na neagraíochtaí Gaeilge a athrú, dúirt a phríomhfheidhmeannach Ferdie Mac an Fhailigh go mba ghá “luach ar airgead níos fearr a chinntiú”.

An bhliain chéanna bhí sé ar thoscaireacht an Fhorais chuig comhchoiste Oireachtais a phléigh leis an teanga. Thar éis don Fhoras trácht ar an gcoigilt a theastaigh in earnáil na Gaeilge, dúirt cathaoirleach an chomhchoiste: “The committee would welcome the opportunity to hear what efficiencies you have made in your own organisation since 2008”.

“Since 2008, our budget has been reduced by 16%”, a d’fhreagair Mac an Fhailigh, ach bhí ar an bhForas níos mó daoine a fhostú le ghabháil i mbun cúraimí breise a bhí leagtha air. Mar sin féin, “We have been carrying out efficiency savings in our own operations internally and in how we carry out the work we do.”

Agus níl aon amhras ach go rabhthas ag gearradh siar san earnáil stáit trí chéile sna blianta sin. I measc na gciorruithe bhí

  • laghdú 6.5%, ar an meán, ar pháidhe san earnáil phoiblí in 2009 de thoradh reachtaíochta éigeandála
  • laghduithe ar thuarastal na nairí rialtais: 10% in 2008, 5.5% in 2009, 6.6% in 2011
  • laghdú 7.3%, ar an meán, ar thuarastal na mbreithiúna (agus b’éigean an bunreacht a athrú chuige sin)

Ní áirítear ciorruithe ar phinsin san earnáil phoiblí ansin, ar ndóigh. Laghdaíodh tuarastail ar fud an gheilleagair uilig sa tréimhse chéanna. Léiríonn figiúirí ón bPríomhoifig Staidrimh gur thit páidhe na bhfostaithe i gcoitinne 3.6% idir 2008 agus 2012.

Ach céard faoi Fhoras na Gaeilge agus a phríomhfheidhmeannach tíosach? An raibh siadsan ag iompar a gcion féin den ualach coiteann? Fan go bhfeicfidh muid.

De réir tuarascáil bhliantúil an Fhoras Teanga do 2008, bhí tuarastal idir €115,000 agus €120,000 (£90-95,000) ag Ferdie Mac an Fhailigh. Is iomaí duine a déarfadh nach bhféadfaí tuarastal chomh hard sin a chosaint maidir le luach ar airgead a fháil, ach bíodh sin mar atá.

Leis an luas agus an éifeachtúlacht is dual don Fhoras Teanga, d’fhoilsigh sé tuarascáil bhliantúil 2012 trí seachtainí ó shin. Léiríonn sí gur íocadh idir €120,000 agus €125,000 (£100-105,000) mar thuarastal leis an bpríomhfheidhmeannach.

Mar sin, fad is a bhí titim os cionn 3% ar pháidhe na ndaoine i gcoitinne, tháinig méadú os cionn 4% ar thuarastal Mhic an Fhailigh. Tráth ar baineadh 16% den méid a bhí dá chaitheamh ar an teanga, cuireadh 4% leis an méid a bhí dá chaitheamh ar phríomhfheidhmeannach an Fhorais.

Is méanar dóibh siúd ar thuarastail sé fhigiúr, ní foláir, ach cén praghas atá ar bheart de réir briathair?

Clibeanna:
Posted in: Nuacht, Tuairim