Nuaíocht Oirialla 130215

Posted on Feabhra 13, 2015 le

0



Mar a bhíothas ag súil roghnaíodh Justin McNulty le seasamh ar son an SDLP go foirmeálta an tseachtain seo.

Seasfaidh sé mar iarrthóir i dtoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha sa toghchán Westminster ata le teacht i mí Bhealtaine.

Tá cuntas Twitter ag dul ag an iar-imreoir peile a bhain bonn Uile Éireann le hArd Mhacha in 2002.

Deir sé air, “The people of Newry and Armagh have lost their voice at Westminster. We will re-capture the voice of this constituency!”

**

Tuigtear go mbeidh ar chomhairleoirí an SDLP ar chomhairle an Iúir agus Múrna a mhíniú cén fáth nár newry parkwwchuir siad in éadan ainm na páirce súgartha ar an Iúir ainmnithe in onóir an stailceora ocras, Réamann Mac Raois.

Char fhreastail ach Comhairleoir SDLP amháin as naonúr ar chruinniú coiste ar an ábhar agus char chaith an comhairleoir sin vóta.

Dar leis an SDLP beidh fiosrúchán inmheánach ar an ábhar seo agus go bhfuil an-díomá orthu nár réitíodh an t-ábhar conspóideach seo

Tá fáilte curtha ag Sinn Féin roimh toradh an chruinnithe áfach.

Tá aontachtaithe ar buille faoi – dar leo gur masla atá ann d’íospartaigh a d’fhulaing mar gheall ar fhoréigean poblachtach.

**

Nuaíocht na Gaeilge anois

Beidh tráth na gceist Gaeilge CLG Ard Mhacha ar siúl do chlubanna Ard Mhacha Dé hAoine 27 Feabhra ar 9pm ag Cumann Chlann na nGael ar an Lorgain.

**

Beidh Ceardlann ar Scéimeanna Maoinithe Fhoras na Gaeilge á tabhairt ag Caoimhe Ní Chathail agus Caoimhín Ó Cadhla, beirt oifigeach de chuid an Fhoras na Gaeilge, i nGaeláras Mhic Ardghail ar an Iúir Luan 23 Feabhra idir 6-7i.n.

Beidh cur i láthair acu beirt agus seisiún le ceisteanna ina dhiaidh.

Déanfar plé ar An Scéim Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim Gréasanaíochta agus Scéim Tacaíochta do Ghnó agus féidearthachtaí eile nach iad.

Posted in: Nuacht