Raic pholaitiúil eile ar na bacáin maidir leis an Ghaeilge

Posted on Feabhra 17, 2015 le

2



newry parkww

Comhartha Pháirc Réamoinn Mhic Raois – an bhfuil baint aige seo leis an chonspóid maidir leis an Ghaeilge?

Tuigtear don suíomh seo go bhfuil comhairleoirí aontachtacha chun an cleas ‘iarr-isteach’ a úsáid chun dúshlán a thabhairt do pholasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.

Tá sé dearbhaithe ag foinsí aontachtacha leis ‘An Tuairisceoir’ go bhfuil sé le tarlú ach nár tharla sé go fóill.

Conspóid pholaitiúil eile a bheas ann maidir leis an Ghaeilge ó thuaidh.

Ach tá cosaint déanta ag an chomhairleoir ó Shinn Féin, Barra Ó Muirí, ar an pholasaí agus dar leis nár chóir go mbeadh aon eagla ar aontachtaithe roimh an teanga.

Labhair sé le Ciarán Dunbar

Posted in: Nuacht