Slua mhór ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga

Posted on Feabhra 17, 2015 le

0



PREASRÁITEAS

D’fhreastal slua mhór ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga i mBaile Átha Cliath inniu. Pléadh na leasaithe atá pleanáilte ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an deis a bhéas ann i mbliana deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach.

I measc na gcainteoirí bhí: Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, a chuir lucht freastal na Comhdhála ar an eolas faoi chúrsaí cearta teanga sa Chatalóin, an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, an Dr. Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar chearta teanga san Eoraip, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív, Seán Kyne, Lucinda Creighton, agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Rinne Eimear Ní Chonaola, príomhláithreoir Nuachta TG4, agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir Nuacht a 1 ar Raidió na Gaeltachta, cathaoirleacht ar an gComhdháil.

Labhair Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill, Daithí Mac Carthaigh, abhcóide, agus Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán ar an gConradh freisin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill: “Má tá leasú le déanamh ar Acht bíodh na leasaithe sin ann chun Acht oiriúnach, feidhmeannach a thabhairt dúinn a chuireann le cearta teanga an tsaoránaigh.

“Go macánta ní hé a oiread sin atá le moladh faoi na ceannteidil atá foilsithe. Ar ndóigh fáiltím roimhe na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch.

“Ach seachas iad sin agus mion athraithe teicniúla eile níl aon rud in sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.”

Dúirt an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada FPE: “Mar bhean ón Ghaeltacht is cúis aiféala é domsa nach bhfuil mé in ann mo theanga féin a úsáid agus mé i mbun mo chuid oibre.

“Cuireann sé déistin orm nuair atáim ag suí sa Pharlaimint agus nuair a dúradh linn ag tús cruinniú go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga. Dár ndóigh, ní bhíonn Gaeilge ar bith ar fáil.”

Dúirt Ombudsman na Catalóine Rafael Ribó i Massó: “Níl aon cheart ag póilíní, nó údarás poiblí ar bith eile “i mBéarla amháin le do thoil” a iarraidh ort. Tá an ceart againn ar fad rogha a bheith againn. Is ceart daonna bunúsach é seo.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill: “Beidh trí deis ag na rialtais ar oileán na hÉireann le héilimh an phobail á shásamh i mbliana; 1) Ó dheas: Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus seirbhísí ón Stát a chur ar fáil don phobal ar an gcaighdeán céanna as Gaeilge agus as Béarla; 2) Ó thuaidh: Acht Gaeilge láidir a achtú agus a chur i bhfeidhm, agus; 3) San Eoraip: Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Tá súil againn go nglacfaí an rialtas leis na moltaí seo.”

Posted in: Nuacht