Seanchas na hÉireann do pháistí

Posted on Feabhra 20, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain

Tar éis dom Ó Chéitinn go Raiftearaí le Vincent Morley a léamh le deireanas, thosaigh mé ag smaoineamh ar leabhar deas staire do pháistí a aimsiú. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leabhar seanchais a bhaisteadh ar an gcineál leabhair atá mé a chuardach, mar níl mé ag lorg bun-fhirící na staire a chur faoi bhráid na ngasúr, ach gaiscí na sean-laoch agus na bhfinscéalta. Tá leabhar mar seo acu ar stair Shasana: Great Stories from British History le Geraldine McCaughrean agus baineann na gasúir neart taitnimh as. Rianaíonn McCaughrean scéal Shasana ón uair a tháinig Brutus i dtír go dtí an lá inniu. Idir clúdaí an leabhair, tá na scéalta clúiteacha ar fad: Canute ag tabhairt aghaidhe ar an taoide tuile; Bean Uasal Godiva ag marcaíocht ar fud na sráidreanna, srl. Tá lear mór de ghasúir scoile dall ar na scéalta seo anois agus…

Amharc ar an alt bunaidh 162 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht