Nuaíocht Oirialla 270215

Posted on Feabhra 27, 2015 le

0



Scríobh iarrthóir an Alliance Party i nDún Theas sa toghchán Westminster atá le teacht go bhfuil sé i gcoinne pholasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.
Ag scríobh ar leathanach Facebook chraobh an pháirtí i nDún Theas mhaígh Martyn Todd gurbh é an chiall a bhainfeadh turasóirí Sasanacha as úsáid na Gaeilge ná nach bhfuil fáilte roimhe leo sa dúiche.

**
Gortaíodh fear i gCrois Mhic Lionnáin Dé Céadaoin na seachtaine seo nuair a phléasc buama píopa a bhí ceangailte le póstaer.
Phléasc an gléas nuair a rinne fear áitiúil, Frank McCabe Jr., iarracht póstaeir a raibh bobghaiste ceangailte leis a bhaint de chuaille i bhfogas dá thoigh.
Tuigtear go raibh an focal ‘tout’ scríofa ar an phóstaer.
Gortaíodh é san aghaidh, sa lámh agus san ucht.
Dar le teaghlach Frank McCabe Jr, drong choirpigh a bhí taobh thiar den ionsaí.
Deir an BP don cheantar, Conor Murphy (SF) go ndearna dronganna coirpigh ag ligint orthu gur poblachtanaithe iad bagairtí ar chlann McCabe le tamall anuas.
Dar leis tá na dronganna seo i gcoinne phóilíneacht ar an ábhar go bhfuil baint acu le coirpeacht eagraithe.

**
Tá sé tagtha chun solas go bhfuil Karen Walsh ag iarraidh fianaise úr a chur os comhair na cúirte mar chuid dá hachomharc atá le toiseacht ar an tseachtain seo chugainn.
Tá Karen Walsh i bpríosún ó fuaireas ciontach í as Maire Rankin, a raibh 81 bhliain aici, a dhúnmharú ar an Iúr ar lá Nollaig 2008.
Tá sé curtha in iúl ag foireann chosanta s’aici go bhfuil sé ar intinn acu díriú ar thrí scairt ghutháin a rinneadh as teach Mhaire Rankin an oíche a fuair sí bás.
Fuair Karen Walsh pionós de 20 bhliain as an dúnmharú seo a chuir isteach go mór ar mhuintir an Iúir.

**
Tá Eaglais Chaitliceach cáinte ag MLA áitiúil in éis dóibh cinneadh a dhéanamh an tseachtain seo chun tacaíocht a thabhairt do bhille ‘Clásal Coinsiasa’ de chuid BT an DUP ‘
Tvuiteáil Megan Fearon atá ina ball tionóil don Iúr agus Ard Mhacha nach rabh “aon dadamh aistíoch” fán tacaíocht seo.
Ligfeadh an bille atá á chur chun cinn ag Paul Givan ón DUP do ghnólachtaí seirbhís áirithe a dhiúltú má shíleann siad go dtéadh sé i gcoinne chreidimh s’acu.
Ach tviúteáil Megan Fearon nach raibh aon dadamh aistíoch faoi dhá eagraíocht cúlchéimnitheach ag teacht le chéile mar mhasla ar chothromaíocht agus scríobh sí go bhfuil go leor i gcoitinne ag an DUP agus ag an Eaglais Chaitliceach.

**
Lean an chonspóid faoi ainm Pháirc Réamonn Mhic Raois ar Shráid Phádraig ar an Iúr ar aghaidh an tseachtain seo.
Tá sé ráite ag ceannaire an SDLP ar chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Michael Carr go bhfuil sé ar son ainm na páirce a athrú – más féidir a thaispeáint go mbeadh an t-athrú sin slán ó thaobh an dlí de.
Ach tá le Jonathan Bell ón DUP tá an SDLP ag athrú a ndearcadh ar an ábhar i gcónaí mar gheall ar “pholaitíocht Ard Mhacha” – tagairt don olltoghchán atá le teacht.
Tá sé ráite ag aontachtaithe go mbeidh ainm na páirce ar bharr a gclár oibre sa chomhairle nua.
Agus dar le ráitis ó phreasoifig an SDLP i mBéal Feirste, beidh comhairleoirí an SDLP ag obair leis an chinneadh chun cloí leis an ainm ‘Páirc Réamoinn Mhic Raois’ a athrú chomh luath agus is féidir.
**
Dúirt an Taoiseach Enda Kenny an tseachtain seo go bhfuil rialtas na 26 chontae “i ndáiríre” faoi dhroichead a thógáil thar Bhád an Chaoil.
Tá an droichead seo atá i mbéal na bpolaiteoirí le fada an lá, beartaiste idir Dhroim Muclach in Ó Méith agus Caol Uisce i bParóiste Phointe an Bháirínigh .
**
Nuaíocht na Gaeilge anois …
Beidh léacht dar teideal ‘ Ag Fás Aníos i nGaeltacht Thír Chonaill’ le Dónall Mac Giolla Chóil as Mín an Chladaigh oíche Dé Mháire na seachtaine seo chugainn sa Ghaeláras i mBaile Mór an Iúir.
Beidh sé ag toiseacht ag 7:30.

**
Agus faoi dheireadh – Nuaíocht shóisialta

Bhí dhá phósadh gaelach ann sa cheantar ar na mallaibh.
Phós Seán Mac Diarmada agus Doireann Ní Chathláin Dé Sathairn seo caite agus phós Macdara Ó hUallacháin Graham agus Gilly Cullen chomh maith.

Ar an drochuair, cha raibh mé ábalta Nuaíocht Oirialla a thaifeadadh an tseachtain seo.

Posted in: Nuacht