Dunmharaíodh Boris Nemtsov, easaontóir Rúiseach, i Moscó

Posted on Feabhra 28, 2015 le

1



Táthar díreach tar éis Boris Nemtsov, fear de cheannairí an fhreasúra i bpolaitíocht na Rúise, a dhúnmharú go hoscailte i lár na cathrach i Moscó.

Boris_Nemtsov_2003_RussiaMeeting

Boris Nemtsov sa bhliain 2003 (foinse don phictiúr: Vicipéid an Bhéarla). Bhí an-pháirt ag Nemtsov i ngluaiseacht an fhreasúra dhaonlathaigh sa Rúis, ach san am chéanna is léir go raibh a thuiscint ar choincheap an daonlathais bunaithe ar an saormhargadh agus ar an liobrálachas Angla-Mheiriceánach go hiomlán. I ndiaidh na géarchéime eacnamúla a thug spreagadh don smaointeoireacht fhrithchaipitlíoch sa Rúis arís, ba léir nach raibh mórán tacaíochta ar fáil don chineál sin polaiteoir sa Rúis a thuilleadh. Bhí Putin in ann teacht i dtir ar an bhfrithghníomh seo agus é ag clúmhilleadh an fhreasúra.

Fisiceoir a bhí i Nemtsov a bhain amach an chéad chlú mar easaontóir sa bhliain 1986. nuair a chuaigh sé i gceannas ar ghluaiseacht áitiúil agóide a bhí ag cur in aghaidh thógáil imoibritheoirí nua núicléacha. Sa bhliain 1990 d’éirigh leis suíochán a bhaint amach sa Dúma, is é sin, i bParlaimint na Rúise, agus leasuithe liobrálacha mar chlár oibre polaitiúil aige. Sna 1990idí bhí Nemtsov ar na polaiteoirí ba mhó a bhí ag iarraidh saoirse an mhargaidh agus cearta an tsaoránaigh a thabhairt isteach sa Rúis, agus faoi dheireadh na nóchaidí chaith sé cúpla seal ina leas-Phríomh-Aire ar an tír. Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé le hUachtaránacht na Rúise a bhaint amach, ach sa bhliain 1998 buaileadh an tír le géarchéim eacnamaíochta a d’fhág a lán de mhuintir na Rúise drochamhrasach i leith an tsaormhargaidh agus an liobrálachais eacnamaíochta, rud a bhain cuid mhór den ghnaoi phobail a bhí ar Nemtsov go dtí sin.

Ina dhiaidh sin, bhí páirt thábhachtach ag Nemtsov i gcomheagraíocht na liobrálach, Soyuz Pravykh Sil (“Aontas Fhórsaí na hEite Deise” mar a baisteadh ar an eagraíocht nuair a tháinig sí ar an bhfód sa bhliain 1999). Sa bhliain 2000, bhí sé ina leas-Cheann Comhairle ar an Dúma agus ina chathaoirleach ar an bpáirtí seo.

Bhí Nemtsov an-mhíshásta le polasaithe Vladimir Putin ó thús báire, agus é inbharúla go raibh Putin ag féachaint leis an tsaoirse pholaitiúil a bhaint de mhuintir na Rúise arís. Ní raibh sé in ann mórán a dhéanamh le cur in aghaidh an Uachtaráin, áfach, ó bhí Anatoly Chubais, leascheannaire an pháirtí, claonta chun comhoibriú le Putin. Mar sin, níor léir do na vótóirí cé acu a bhí an páirtí ag dul le Putin nó ag cur ina aghaidh, agus dá dheasca sin chaill na liobrálaigh a lán tacaíochta i dtoghcháin na bliana 2003. Ní raibh siad, fiú, in ann oiread is aon suíochán amháin a choinneáil sa Dúma. D’éirigh Nemtsov as mar chathaoirleach, ó ghlac sé leis gurbh airsean a bhí an fhreagracht as an díomua seo thar aon duine eile.

Sa bhliain 2004 d’fhoilsigh sé litir oscailte ar an nuachtán Nezavisimaya Gazeta (“An Nuachtán Neamhspleách”) ag áitiú ar mhuintir na Rúise gan tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí Putin deachtóireacht nua a chur ar bun sa tír. Tháinig comheagraíocht nua freasúra ar an bhfód sa bhliain chéanna agus Nemtsov ar duine acu siúd a chuir ar bun í – “Coiste 2008”. Bhí an coiste seo meáite ar a chinntiú nach ndéanfaí calaois sna toghcháin Uachtaránachta sa bhliain 2008, agus go mbeadh fíor-cheart vótála ag na saoránaigh.

Nuair a chuaigh na daoine óga chun ceannairce san Úcráin sa Réabhlóid Fhlannbhuí sa bhliain 2004, thacaigh Nemtsov leis an Uachtarán Viktor Yushchenko a chuaigh i gceannas ar an tír de thoradh na réabhlóide seo, agus chaith sé cúpla bliain ina chomhairleoir eacnamaíochta ag Yushchenko. Sa deireadh áfach chuaigh an caidreamh eatarthu ó mhaith agus tugadh bata agus bóthar don chomhairleoir.

I dToghcháin Uachtaránachta na bliana 2008 ní raibh Nemtsov ina iarrthóir. Ina áit sin d’áitigh sé ar lucht a leanúna vóta a chaitheamh le Mikhail Kasyanov. Níor éirigh le Kasyanov páirt a ghlacadh sna toghcháin, áfach, ó dhícháiligh Lárchoiste na dToghchán é: cuireadh ina leith go raibh sé tar éis cuid mhaith de shínithe a lucht leanúna a bhrionnú.

I ndeireadh na bliana 2008 bhunaigh Nemtsov agus an t-iarr-imreoir fichille Garri Kasparov eagraíocht nua don fhreasúra pholaitiúil, Solidarnost nó An Dlúthpháirtíocht. Bhí sé i gceist ag an Dlúthpháirtíocht an freasúra go léir a chruinniú chuici agus an cath in aghaidh Putin a chomhordnú. Cúpla bliain ina dhiaidh sin tháinig PARNAS chun comharbais ar an Dlúthpháirtíocht – Partiya Narodnoy Svobody (“Páirtí Shaoirse an Phobail”) – le páirt a ghlacadh sna toghcháin. Ní raibh gach ball den Dlúthpháirtíocht sásta dul leis an bpáirtí nua. Bhí Garri Kasparov den bharúil, mar shampla, nach raibh sé ciallmhar aitheantas ar bith a thabhairt do na toghcháin sa Rúis a fhad is a mhairfeadh rialtas Putin á gcóiriú.

Bhí Nemtsov ar an mbeagán polaiteoirí sa Rúis nár ghlac le forghabháil na Crimé, agus ar ndóigh bhí sé go huile is go hiomlán in aghaidh an chogaidh san Úcráin. Nuair a dúnmharaíodh é bhí sé díreach ag ullmhú mórléirsiú in aghaidh an chogaidh sin. Urchar ó ghluaisteán a bhí ag tiomáint thar bráid a mharaigh é.

Posted in: Nuacht