Siar, siar go deireadh an domhain mhóir

Posted on Márta 4, 2015 le

0



Scéalta Ealaíne

photo by Eoin Mac Lochlainn of panaroma o the sea at Cill Rialaig

Beidh mé ag taisteal síos go Chontae Chiarraí i mbliana, le tréimhse cónaithe a chaitheamh i gCill Rialaig. Tháinig an cuireadh gan choinne chugaim, aisteach go leor, ach sin mar a thárlaíonn, de réir dealraimh. Tearmann álainn í, Cill Rialaig, leath dosaen botháin athchóirithe ar thaobh sléibhe, ag breathnadh amach ar an bhfarraige, ag breathnadh siar i dtreo Meiriceá… Ní féidir dhul níos faide siar ar thalamh in Éirinn – cheapfá go raibh tú ag deireadh an domhain. (Cinnte, tá Sceilg Mhichíl níos faide amuigh fós – ach d’fhéadfaí a rá nach áit domhanda í sin). Bhí mé ann tráth agus tá mé ag tnúth go mór le dhul ar ais aríst. Bhainfeadh na radhairceanna an anáil díot.

Bhunaigh Noelle Campbell Sharp an tearmann tuaithe seo i 1991 i sean-sráidbhaile amuigh ar Cheann Bhólais, ag deireadh Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tá níos mó ná 3000 ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí agus filí tar…

Amharc ar an alt bunaidh 122 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht