Bheadh Hutchinson i gcoinne an sos cogaidh dá mbeadh a fhios aige …

Posted on Márta 4, 2015 le

0



Scéal atá ag leanúint leis le blianta anois na ‘teipeanna Bhostúin’, togra chun staire béil na dtrioblóidí a thaifeadadh ó pharaimíleataigh, ar an choinneáil nach bhfoilseofaí an t-ábhar go dtí go bhfaigheadh siad bás.

Bhí sé sin ceart go leor go dtí gur tosaigh an PSNI ag iarraidh greim a fháil orthu.

An tseachtain seo chuaigh thart bhain an PSNI an ceart chun éisteacht le teipeanna a rinneadh le Winston ‘Winkie’ Rea, iar-cheannaire an Red Hand Commando (ná bí buartha, ní chuirfidh sé an dlí orainn as sin a rá).

Ach níl siad ar iPod aon duine go fóill mar tá achomharc ar bun faoi láthair.

Tá sé seo ag cur le teannas taobh istigh de ‘dhílseachas’ – tá grúpa paraimíleataigh dílseacha fós ag feidhmiú ar an talamh fada tar éis gur scoir an tIRA.

Tá sé ráite ag ceannaire an PUP, Billy Hutchison nach mbeadh ceannairí dílseacha ábalta cur ina luí ar dhílseoirí sos cogaidh a fhógairt i 1994 dá mbeadh a fhios acu an t-am sin a bhfuil ar eolas acu anois.

Deir sé gur cinnte go mbeadh sé féin ina choinne.

Dar leis, táthar ag dul sa tóir ar dhílseoirí mar a bheadh madaidh iontu.

Posted in: Nuacht