Freagra ar Léirmheas san Iris ‘An Tuairisceoir’

Posted on Márta 5, 2015 le

0



Seo athfhoilsiú ó thrácht a fuarthas ó Garry Bannister

Freagra ar Léirmheas san Iris ‘An Tuairisceoir’ ar ‘An Bhean Feasa’ le Alan Titley
ó Garry Bannister
Nuair a pheannaigh Aonghus Ó hAlmhain a léirmheas gairid ar ‘An Bhean Fheasa’ le Alan Titley san iris ‘An Tuairisceoir’ le déanaí d’admhaigh sé nár…“…oibrigh an leabhar dósan ó thaobh scéal na mná a chuir i bhfeidhm air.

Is deacair aon aithne cheart a chuir uirthi ó na splancacha a tugtar uirthi ó shúile dhaoine eile, ná aon tuiscint a fháil uirthi murab é gur fhág ainnise a saoil ina gealt dhuairc í….”

downloadBa mhaith liom tabhairt faoi fhreagra ar an imprisean seo a fuair Aonghus ó léamh an leabhair agus cinnte bheadh neart leitheoirí eile cosúil leis-sean.

Mar sin go gairid níl aon iarracht á dhéanamh ag Titley san úrscéal seo, pictiúr stairiúil fírinneach stairiúil a thabhairt dúinn.

Ní portráidí é Titley ach is.. impriseánaí é – sa chiall iomlán den fhocal sin. Ar an gcéad dul síos…

• impriseánaí é mar luíonn an t-úrscéal seo idir prós agus filíocht;
• impriseánaí é mar is athchruthú atmaisféar na haimsire dorcha é níos mó ná athléiriú liteartha ar imeachtaí stairiúla bheatha na mná feasa, Goody; impriseánaí é mar tá na híomhánna agus mothúcháin atá léirithe sa leabhar fréamhaithe in imprisin phearsana an scéil;
• impriseánaí é mar bíonn aidhmeanna an údair i gcónaí dírithe ar imprisin, ar dhealraimh na bhfíricí mar chonacthas do na pearsana iad féin agus ní mar a behidís de réir leabhar staire.

Níltear anseo mar sin ag iarraidh ‘aithne stairiúil a chur ar an bhean feasa’ mar níl a leithéid ann i súile Titley… níl aon “bhean feasa” ann agus an bhean feasa inár gceann.

Is amhlaidh nach mbíonn ann choíche, de réir Titley, i suíomh sóisialta/ pearsanta na n-imeachtaí seo ach tuiscintí, tuairimí, rámhaillí lucht a céasta agus a ciaptha.

Amhail ‘Cré na Cille’ nó ‘An Fear Dána’ caitear ‘splancanna’ solais dhorcha a haimsire os ár gcomhair i bhfoirm ráiteas claonta, leath-ráiteas briste nó i bhfoirm focal scaipthe scoite na bpearsan féin:

“Ag coinne leis an lá mór a bhí mise. Crochadh ní fhaca
Mé riamh. Thaitnigh sé liom scogall circe a chasadh
Ach ní hé an dá mhar a chéile é. Bean ba ea í seo.” (lch. 13)

Féach ar an imirt céille idir deireadh na chéad líne ‘Crochadh ní fhaca’ agus ‘Mé riamh’ ag tús na dara líne. Is féidir a dá líne a léamh le chéile mar abairt amháin nó mar dhá abairt: i. ‘Crochadh ní fhaca mé riamh.’ nó ‘Crochadh ní fhaca..’ agus ‘Mé riamh.’ (sa chiall: ‘Sin mar a bhíonn i gcónaí liomsa’)

Tá leabhar Titley ag cur thar maoil le double-entendres den chineál seo.

Léiríonn an saothar seo freisin nach gá dúinn treabhadh trí lámhscríbhinní staire ná turais fhadálacha a dhéanamh trí cháipéisí deannachúla cúirte ná aon rud eile den chineál sin chun teacht ar thuiscint na n-imeachtaí léanmhara tragóideacha a tharla agus a thug Goody agus a lán ban eile nach í chun na croiche; turas macánta atá ag teastáil; turas domhain isteach inár gcroí féin mar quod petis hic est (an rud a lorgaítear, tá sé ann cheana féin) nó mar a scríobh file áirithe sa tSean-Ghaeilge, gan amhras i gcomhthéacs eile:
Techt do Róim, Teacht chun na Róimhe,
mór saítho, bec torbaí; saothar mór, tairbhe beag
in Rí con-daigí i foss, an Rí a lorg ann,
mani mbera latt ní fhogbaí. mura dtugann tú leat é, ní bhfaighidh tú ann é.
Mar fhocal scoir, murab ionann agus Máirtín Ó Cadhain, is scríbhneoir soirbh dóchasach é Titley. Níl aon solas in ‘Cré na Cille’ – daoine sáite in ifreann gan súil le faoiseamh ar bith, íospartaigh a bpeacaí féin faoi ualach na seirbhe pearsanta atá dulta chun ainchinn.

Ach i gcás shaothar Titley ‘An Bhean Feasa’, tugtar le tuiscint dúinn nach í Goody féin ar a bhfuil aire an údair ach an dochar, ar an dólás agus ar an drochíde a bhíonn mar bhrat tiubh dorcha ar an leanbh álainn a rugadh in Éirinn na blianta fada roimhe sin.

Ná tagtar, mar sin, chun an leabhair seo ar lorg ruda nach bhfuil ann, ach cuardaítear an saibhreas eispéiris phearsanta ó shaol liteartha an údair agus atá nochtaithe go macánta máistriúil san úrscéal caithréimeach seo.

Posted in: Nuacht