Náisiúin agus Teangacha na bPoblachtaí Iar-Shóivéadacha – Cuid a hAon – An Airméin

Posted on Márta 14, 2015 le

4



Tír Chríostaí í an Airméin a bhfuil traidisiún mílaoiseach aici. Glacadh leis an gcreideamh Críostaí go luath, agus bronnadh stádas an státchreidimh oifigiúil air sula ndeachaigh sé a fhad leis sin in Impireacht na Róimhe féin. Maidir le teanga na nAirméanach, craobh inti féin i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha í, agus chuaigh teangacha eile an réigiúin go mór mór i bhfeidhm uirthi. Fuair sí a lán focal iasachta ó na teangacha Iaránacha, na teangacha Seimíteacha agus na teangacha Cugasacha. Bhí an-dlúthbhaint ag an Airméin leis an bPeirs sa tréimhse réamh-Chríostaí, agus ba é an Sorastrachas – creideamh na sean-Pheirse – a bhí faoi réim san Airméin roimh theacht na Críostaíochta.

L0031107 The Four Gospels, 1495, Portrait of St Mark

An Soiscéal de réir Mharcais as Airméinis, ó dheireadh na cúigiú haoise déag. Tá a haibítir féin ag an Airméinis nach minic a úsáidtear le teangacha eile a bhreacadh síos, cé go bhfuil a leithéid de theanga ann agus Tuircis Airméanach – Tuircis a bhí á labhairt agus á scríobh ag Airméanaigh sa Tuirc i ndiaidh dóibh dearmad a dhéanamh dá seanteanga, agus focail iasachta ón Airméinis acu le tagairt do choincheapanna reiligiúnacha. Deirtear gurbh é an misinéir Mesrop Mashtots, naomhphatrún náisiúnta na hAirméine, a chéadcheap an aibítir Airméanach nuair a d’iompaigh sé an tír chun Críostaíochta. An tseanteanga scríofa a tháinig ar an bhfód ansin, mhair sí go dtí an naoú haois déag, ach ansin thosaigh scríbhneoirí nua-aoiseacha ag cleachtadh chaint na ndaoine ina gcuid scríbhinní. Mar sin a tháinig dhá chaighdeán liteartha nua-aimseartha ar an bhfód, mar atá, Airméinis an Iarthair sa Tuirc agus Airméinis an Oirthir sa Rúis. Inniu féin, is é an caighdeán iartharach is mó a chleachtar i bpobail an diaspóra i dtíortha ar nós na Stáit Aontaithe, agus is é an ceann oirthearach a d’fheicfeá in úsáid i bPoblacht na hAirméine féin. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Bhí an Airméin ag dul ó lámh an fhorghabhálaí seo go lámh an fhorghabhálaí úd eile i rith na gcianta cairbreacha, agus seal gairid neamhspleáchais aici sa Mheánaois (ón naoú haois go dtí an t-aonú haois déag). Ina dhiaidh sin, ba iad na Mongólaigh a ghabh an tír, ach nuair a briseadh an cath orthu siúd, thit iarthar na hAirméine leis an Tuirc, agus ba í an Pheirs (an Iaráin) a chuaigh i seilbh an oirthir. Go luath sa naoú haois déag, shealbhaigh Impireacht na Rúise oirthear na hAirméine ón bPeirs, ach d’fhan iarthar na hAirméine – an Chilic – á rialú ag Sabhdán na Tuirce.

 

Mikael_Nalbandian2

Mikael Nalbandian (1829-1866), bunaitheoir na litríochta nua-aimseartha san Airméin. File agus prós-scríbhneoir réalaíoch a bhí ann. Bhí sé cairdiúil le hintleachtóirí agus réabhlóidithe Rúiseacha a linne, go háirithe Aleksandr Herzen. Chuir sé in aghaidh rialtas Impire na Rúise, agus ní raibh sé rómhór leis na sagairt choimeádacha ach an oiread, ó theastaigh uaidh teanga chomhaimseartha a chur in áit na seanteanga eaglasta. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Ní raibh Airméanaigh an Iarthair sásta le himthoscaí na Tuirce, agus thosaigh siad ag éileamh a gcirt ón Sabhdán. Faoin am chéanna tháinig náisiúnachas nua-aimseartha ar an bhfód i measc na nAirméanach, nó bunaíodh Cónaidhm Réabhlóideach na nAirméanach sa chuid Rúiseach den tír sa bhliain 1890 – na “Daisneacaigh”, mar a thugtar orthu (ó dashnaktsutyun, an téarma Airméinise a chiallaíos “cónaidhm” nó “feidearálacht”). Sna 1890idí, spreag an Sabhdán Abdulhamid a Dó an ghramaisc chun Airméanaigh a mharú is a ghéarleanúint – réamhtheachtaire a bhí ann don “uileloscadh Airméanach”, an cinedhíothú sa bhliain 1915.

 

Armenian_Fedayees_1890-1896

Treallchogaithe Airméanacha faoi bhratach na nDaisneacach. Is é is brí leis na focail ar an mbratach ná “Saoirse nó Bás”. “Fedayi” a thugtar ar na treallchogaithe seo as Airméinis, focal a fuarthas ar iasacht ón Araibis. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Sa bhliain 1908 chuir réabhlóid na dTurcach Óg an ruaig ar an Sabhdán agus tháinig rialtas nua i gcumhacht a raibh de chuma air go raibh sé le leasuithe liobrálacha daonlathacha a chur i bhfeidhm ar shochaí na Tuirce. Ar dtús bhí an rialtas seo sásta comhoibriú le páirtithe polaitiúla na nAirméanach – na Daisneacaigh agus na Sóisialaigh Dhaonlathacha, nó an páirtí Hunchak. (Aláram nó gairm chruinnithe is ciall leis an bhfocal Airméinise sin sa choimhthéacs seo.) Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, áfach, tháinig faicsean antoisceach náisiúnaíoch i seilbh an rialtais, agus dearcadh drochamhrasach acu i leith na nAirméanach: bhí siad barúlach go raibh uisce faoi thalamh éigin idir lámhaibh ag na hAirméanaigh leis an Rúis.

Siamanto_(1878-1915)

Scríbhneoir agus file tábhachtach ab ea Siamanto (fíorainm: Atom Yardjanian), a rugadh in Akn (inniu, Kemaliye sa Tuirc) sa bhliain 1878. Chaith sé seal fada i bPáras, áit a ndearna sé staidéar ar theangacha an Oirthir in Ollscoil Sorbonne. Ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an Eilvéis, áit ar bhunaigh sé iris d’Airméanaigh an diaspóra. Ar an iris sin a d’fhoilsigh sé bunús a chuid saothar. Nuair a chuir réabhlóid na dTurcach Óg deireadh leis an tsabhdánacht, d’fhill sé abhaile, agus dóchas aige as an Tuirc mar stát daonlathach. Mar a d’iompaigh an scéal amach, ní raibh ann ach baothdhóchas, agus fuair Siamanto bás chomh maith le duine i gcinedhíothú na nAirméanach. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Mar sin ba é an náisiúnachas saolta a thug an spreagadh don chinedhíothú, ach is léir gur bhain lucht an rialtais a leas féin as pé réamhbhreithiúnas nó faltanas a bhí ag an gcosmhuintir Mhuslamach i dtaobh na nAirméanach. Is féidir cás na nAirméanach sa Tuirc a chur i gcomparáid le stádas na nGiúdach san Eoraip Chríostaí. Ní raibh cearta iomlána sibhialta acu, ach san am chéanna bhí cuid acu in ann ailp mhaith rachmais a charnadh mar lucht trádála agus baincéireachta, rud a ndeachaigh cumhacht eacnamaíoch leis. Mar sin tháinig steiréitíopa an “Airméanaigh shaibhir” chun saoil i measc na Muslamach. San am chéanna áfach bhí cónaí ar an gcuid ba mhó de na hAirméanaigh i sráidbhailte beaga bochta faoin tuaith – díreach cosúil le steitleanna na nGiúdach in Oirthear na hEorpa.

Armenian_genocide_heads

Cloigne ochtar Airméanach a dícheannadh le linn an chinedhíothaithe. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Ba í an Rúis príomhnamhaid na Tuirce sa chogadh: ba iad na Gearmánaigh na comhghuaillithe a bhí ag an Tuirc, agus comhairleoirí míleata ón nGearmáin ag cuidiú le fórsaí armtha na tíre. Bronntanas ón nGearmáin ab ea bratlong an chabhlaigh Thurcaigh, fiú: ceann de scéalta móra sceitimíní ó laethanta an chogaidh sin é an dóigh a mbíodh an long áirithe seo – an Goeben – ag seachaint an chabhlaigh Shasanaigh sa Mheánmhuir. Chuaigh an long a fhad le Cathair Chonstaintín (Istanbul) agus ansin dóibh bhí na hoifigigh agus na mairnéalaigh sásta sainéide Thurcach a chur orthu agus ainm na loinge a athrú go Yavuz Sultan Selim. Go gairid ina dhiaidh sin rinne an Yavuz an chéad ionsaí ar an Rúis agus chuaigh an Tuirc chun cogaidh go hoifigiúil.

 

Panzerkreuzer "SMS Goeben"

An SMS Goeben, an cúrsóir armúrtha cogaidh a shéalaigh comhghuaillíocht na Gearmáine is na Tuirce sa Chéad Chogadh Domhanda. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla, bunfhoinse: Cartlann Náisiúnta na Gearmáine, nó an “Bundesarchiv”)

 

Mar sin, cuid de na tuairiscí comhaimseartha a tugadh ar chinedhíothú na nAirméanach tháinig siad ó oifigigh Ghearmánacha a bhí láithreach sa réigiún san am. Duine acu seo ab ea Maximilian Erwin von Scheubner-Richter, leas-Chonsal na Gearmáine in Erzurum. Íorónta go leor bhí sé ar duine acu siúd ba thúisce a chuaigh le Hitler, ní ba dheireanaí; fuair sé bás in “éirí amach an bheoirhalla” sa bhliain 1923, nuair a rinne Hitler agus lucht a leanúna iarracht tús a chur le réabhlóid náisiúnaíoch sa Ghearmáin ó theach ólacháin i München. (Dála an scéil, réamhshampla tábhachtach ab ea cinedhíothú na nAirméanach do Hitler agus é ag pleanáil an Uilelosctha: Wer redet heute noch von der Vernichtung der Armenier? ar seisean san óráid a thug sé in Obersalzberg dá chuid ginearál i Mí Lúnasa 1939, seachtain sular ionsaigh a chuid trúpaí an Pholainn. “Cé atá ag trácht ar scrios na nAirméanach inniu?” is brí leis na focail sin.)

Otto Liman von Sanders

Otto Liman von Sanders, oifigeach Gearmánach agus Marascal Cogaidh in Arm na Tuirce. (Foinse: Vicipéid na Gearmáinise, bunfhoinse: Cartlann Náisiúnta na Gearmáine – “Bundesarchiv”)

Níltear ar aon fhocal faoi cé acu a rinne na Gearmánaigh iarracht fhónta leis an gcinedhíothú a chosc nó nach ndearna. Deir cuid de na foinsí, mar shampla, go raibh Otto Liman von Sanders, ceannasaí an mhisin mhíleata Ghearmánaigh sa Tuirc, ar nós cuma liom i dtaobh na nAirméanach; de réir foinsí eile áfach bhagair Liman von Sanders géarleanúint na nAirméanach timpeall Izmir (in Iarthar na Tuirce) a stopadh le lámh láidir na dtrúpaí Gearmánacha, mura mbeadh gobharnóir an chúige sásta an obair a dhéanamh, é féin. D’éirigh leis agus stopadh an ghéarleanúint i gcúige Izmir ar a laghad, de réir an leagan seo de na himeachtaí.

Komitas_1902

Ba é Soghomon Soghomonian (leagan Airméinise de Sholamh nó Salomón é an t-ainm úd Soghomon), nó Komitas, ceoltóir agus ceolchumadóir mór na hAirméine. Ní bhfuair sé bás sa Chinedhíothú, ach i ndiaidh a raibh feicthe aige de na huafáis fágadh balbh ar fad é. Chaith sé fiche bliain dheireanacha dá shaol gan focal a rá, agus nuair a cuireadh ceoluirlis in aice láimhe dó ní dhearna sé ach an ionstraim a chur uaidh go séimh cúramach. Fuair sé bás i dteach téarnaimh i bPáras sa bhliain 1935. Inniu féin áirítear ar fhir mhóra na heitnicheoleolaíochta é. hOirníodh ina shagart in Eaglais na hAirméine é, ach ní raibh na sagairt is na heaspaig choimeádacha sásta leis an tsuim a chuir sé i gceol na cosmhuintire. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

An Airméin neamhspleách a tháinig chun saoil i ndeireadh an Chogaidh Mhóir sa bhliain 1918, ní raibh fad saoil i ndán di: sa bhliain 1920 d’ionsaigh na trúpaí Turcacha í, agus ina dhiaidh sin bhí sí chomh lag is nach raibh inti cur in aghaidh na bhfórsaí Sóivéadacha. D’fhorghabh an Rúis Shóivéadach an Airméin, agus sa bhliain 1923 bunaíodh an Phoblacht Shóivéadach Thras-Chugasach mar shórt “poblacht fhéinrialaitheach” do na hAirméanaigh, na Seoirsigh agus na hAsarbaiseánaigh araon. Sna tríochaidí cuireadh deireadh leis an bpoblacht seo, agus tháinig trí phoblacht eile ina háit – poblachtaí sóisialacha sóivéadacha na hAirméine, na hAsarbaiseáine agus na Seoirsia.

Deir amhrán náisiúnta na hAirméine Sóivéadaí gur “tháinig Deireadh Fómhair” (is é sin, réabhlóid Dheireadh Fómhair, nó na Boilséivigh sa Rúis) chun fortachta don tír nuair a bhí an léirscrios ag bagairt uirthi, agus cé gur gnáthbholscaireacht Chumannach a bhí ann, dealraíonn sé go bhfuil braoinín beag fírinne measctha tríthi. I ndiaidh chinedhíothú na hAirméine sa Tuirc bhí ábhar ceart eagla ag Airméanaigh an Oirthir go raibh dúchinniúint den chineál chéanna i ndán dóibh féin, agus mar sin bhí siad barúlach gurbh fhearr, ar chúiseanna pragmatúla, an deachtóireacht Chumannach ná an cinedhíothú i lámha na dTurcach.

Coat_of_arms_of_Armenian_SSR

Suaitheantas na hAirméine Sóivéadaí. Tá na focail “A Phrólatáireacha na dTíortha go Léir, Cuirigí le Chéile!” le léamh ar an bpraitinn dhearg thíos sa dá theanga – Airméinis agus Rúisis. Timpeall ar an suaitheantas, is féidir na focail “Hayastani Sovetakan Sotsialistakan Respublika” a léamh, is é sin, “Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine”. Tabhair faoi deara go n-úsáidtear “respublika” (ռեսպուբլիկա) na Rúisise anseo, in áit an fhocail ghlan-Airméinise “hanrapetutyun” (հանրապետություն). Foinse: Vicipéid an Bhéarla.

 

Ní hionann sin is a rá go raibh saol sona ag na hAirméanaigh san Aontas Sóivéadach. Rinneadh géarleanúint ar an Eaglais Airméanach, agus cuireadh an katolikos (ceann na hEaglaise Airméanaí, a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid leis an bPápa) Khoren chun báis faoi dheireadh na dtríochaidí, nuair a bhí an Purgú Mór i mbarr a olcais san Aontas Sóivéadach. Ón taobh eile de, mhaolaigh Stailín ar an deachtóireacht i mblianta an chogaidh, agus ceapadh katolikos nua don Eaglais. Throid saighdiúirí Airméanacha go cróga sa chogadh, rud a bhain stádas nua don náisiún go léir taobh istigh den Aontas Sóivéadach. I ndeireadh an chogaidh, d’éiligh Stailín ar an Tuirc, fiú, cúigí iartharacha na hAirméine a thabhairt ar ais, ach nuair a chuaigh an Tuirc ar lorg cuidiú agus tacaíochta ó na Stáit Aontaithe, b’éigean do Stailín éirí as na héilimh seo. Cúis suime áfach go raibh sé sásta dul a fhad leis seo féin in araicis na nAirméanach.

D’oscail Stailín geataí na hAirméine Sóivéadaí d’Airméanaigh ón gcoigríoch, agus é ag moladh go ndéanfaidís inimirce le fód a seandúchais a atógáil i ndiaidh léirscrios an chogaidh (nach raibh go ródhona san Airméin, ó nár tháinig na Gearmánaigh riamh chomh fada sin soir). Tháinig na mílte acu, ach ar ndóigh ní raibh ach fáilte fhuar rompu sa deireadh: baineadh a gcuid maoin shaolta díobh, agus caitheadh a lán acu i dtóin phríosúin, ó nach raibh muinín ag Stailín ná a chuid rúnseirbhísí astu. Iad siúd a sheachain oileánra na gcampaí géibhinn, ní raibh na hAirméanaigh dhúchasacha róchairdiúil leo, agus ba mhinic a bhítí ag fonóid faoin gcanúint – Airméinis an Iarthair – a bhí á chleachtadh acu.

Armenian Genocide Monument

Séadchomhartha do Chinedhíothú na nAirméanach ar Chnoc Tsitsernakaberd in Eireaván, príomhchathair na hAirméine. (Foinse: Vicipéid na hAirméine)

 

I ndiaidh ré Stailín, tháinig Nikita Khrushchov i gceannas ar an Aontas Sóivéadach, agus mhaolaigh sé ar a lán srianta a bhí le saol agus le cultúr na nAirméanach roimhe sin. Bhí sé mór le hAnastas Mikoyan, polaiteoir Sóivéadach Airméanach a bhí ina bhall de Bhiúró Pholaitiúil (Politburo) an Pháirtí, agus d’fhág sé an-saoirse ag Mikoyan náisiúnachas na nAirméanach a athbheochan. Tháinig deireadh le ré Khrushchov i lár na seascaidí, ach ina dhiaidh sin féin bhí an rialtas Sóivéadach sásta géilleadh d’éilimh na nAirméanach i gcúrsaí cultúir: mar shampla tógadh séadchomhartha mór don chinedhíothú sa bhliain 1967, dhá bhliain i ndiaidh mórléirsiú na nAirméanach i ndilchuimhne orthu siúd a fuair bás sna himeachtaí leathchéad bliain roimhe sin.

Nuair a thosaigh ré Mhikhail Gorbachov – an gleasnast agus an pheireastráice – san Aontas Sóivéadach, ní féidir a rá nach ré anróiteach a bhí ann don Airméin. Sa bhliain 1988 rinne talamhchrith mór an-léirscrios sa tír. Ritheann teorainn dhá phláta teicteonacha (plátaí a bhfuil screamh an Domhain déanta astu) trí cheantair thuaidh na hAirméine, agus le fírinne baineann an ghníomhaíocht sheismeach seo agus cúiseanna an talamhchreatha áirithe seo leis an dóigh ar foirmíodh Sléibhte Chugais an chéad uair riamh. Mar a deir lucht na geolaíochta, tá dhá phláta coinbhéirseacha ann, is é sin tá na plátaí ag bualadh faoi chéile, agus ceann acu ag dul síos faoin gceann eile, síos go dtí an t-astanaisféar (sféar na laibhe).

Continental-continental_convergence_Fig21contcont

Léaráid (ó Vicipéid an Bhéarla) ar an gcineál “coinbhéirseacht” ba chúis leis an talamhchrith i dTuaisceart na hAirméine sa bhliain 1988. Is é is brí leis an téarma “coinbhéirseacht ilchríochach-ilchríochach” (continental-continental convergence) ná go bhfuil an dá phláta teicteonacha suite i bhfad ón bhfarraige – d’fhéadfadh an choinbhéirseacht a bheith ar obair ar feadh an chósta (thabharfá coinbhéirseacht ilchríochach-aigéanach ar a leithéid) nó thíos i ngrinneall na farraige (coinbhéirseacht aigéanach-aigéanach). Is é an litisféar “sféar na cloiche”, a chuimsíos screamh an Domhain chomh maith le huachtar an mhaintlín (le fírinne an dóigh a n-úsáidtear an téarma sa léaráid seo ní thagraíonn sé ach d’uachtar an mhaintlín).

 

 

Chuir an talamhchrith cathair Spitak de dhroim an domhain agus rinne sé an-dochar do Vanadzor (nó Kirovakan, mar a thugtaí ar an áit san am) agus do Gyumri (Leninakan) chomh maith. I ndiaidh an talamhchreatha tháinig sé chun solais gur chuir mífheabhas na tithíochta ó ré Brezhnev go mór mór leis an scrios, ós rud é go mbíodh tógálaithe ag goid ábhar tógála ó na láithreáin agus cigirí sásta faomhadh a thabhairt don drochobair ach síntiús breibe a íoc leo. Scéal eile áfach gur mhaolaigh an talamhchrith ar theannas idirnáisiúnta an Chogaidh Fhuair, ós rud é gur impigh Gorbachov go hoscailte ar thíortha an Iarthair cabhair agus rilíf a thál ar mhuintir na hAirméine.

San am chéanna áfach bhí teannas de chineál eile ag fás idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, an phoblacht Shóivéadach in aice na hAirméine. Ba é réigiún na Nagarna-Carabaice idir an dá phoblacht ba chúis leis an teannas. Réigiún Airméanach a bhí ann ó thaobh fhormhór an daonra de, ach san am chéanna ba chuid de phoblacht Shóivéadach na hAsarbaiseáine é. Ní raibh an réigiún nasctha go díreach den Airméin, nó rinne an tAontas Sóivéadach praiseach den teorainn d’aon ogham, cosúil le claonroinnt na dtoghlach nó an gerrymandering i dTuaisceart Éireann mar shampla. Chuaigh an choimhlint go sciobtha chun donais, agus nuair a bhain an Airméin agus an Asarbaiseáin amach a neamhspleáchas sa bhliain 1991, d’éirigh ina chogadh dhearg idir an dá thír. Sa bhliain 1994 d’éirigh leis an Rúis sos cogaidh a chur ar bun trí eadráin a dhéanamh, ach níl conradh síochána sínithe go fóill. De dheasca an chogaidh, b’éigean d’Asarbaiseánaigh eitneacha na Carabaice aghaidh a thabhairt ar an gcuid eile den Asarbaiseáin, agus cosúil leis sin d’éalaigh na mílte Airméanaigh ón Asarbaiseáin. Ar ndóigh bhí an Airméin agus an Asarbaiseáin ag cur cineghlanadh agus cinedhíothú i leith a chéile.

Maidir leis an gCarabaic féin, bhain sí amach sórt neamhspleáchais de thoradh an chogaidh seo, ach is léir nár thug an pobal idirnáisiúnta aitheantas don neamhspleáchas seo. Is léir gurb é aontú na Carabaice agus na hAirméine an cuspóir fadtréimhseach atá ag an dá stát Airméanacha seo, ach níor ghéill aon rialtas in Eireaván go fóill d’éilimh den chineál seo. Is leasc leo aon chineál faits accomplis a chur i gcrích gan aird a thabhairt ar dhearcadh na Rúise agus na hAsarbaiseáine, is dócha. Mar sin féin, tá cúrsaí polaitíochta an dá stát fite fuaite le chéile: mar shampla, is as an gCarabaic do Robert Kocharyan, a bhí ina Uachtarán ar an Airméin sna blianta 1998-2008.

Cad é an chuma atá ar shaol na nAirméanach inniu? Tá cearta an duine níos fearr ná sa chuid is mó den domhan iar-Shóivéadach, ach cuirtear brúidiúlacht i leith na bpóilíní, agus deirtear go bhfuair dornán daoine bás de dheasca na brúidiúlachta sin. Bíonn na coimhlintí inmheánacha polaitíochta ag bagairt ar chobhsaíocht na tíre: mar shampla, nuair a bhí Levon Ter-Petrosyan ina Uachtarán ar an Airméin (1991-1998), choisc sé leathdhosaen de pháirtithe polaitiúla, na Daisneacaigh san áireamh, ach nuair a bhí Robert Kocharyan díreach tar éis Uachtaránacht a bhaint amach, thit ár uafásach amach sa Pharlaimint ina bhfuair Príomh-Aire na tíre agus Ceann Comhairle na Parlaiminte bás chomh maith le roinnt polaiteoirí eile. Creideann a lán teoiriceoirí comhcheilge gurbh é Kocharyan féin a d’ordaigh an t-ár seo.

Níl caidreamh ar bith ag an Airméin leis an Asarbaiseáin ach tá sí cairdiúil leis an Iaráin agus leis na Stáit Aontaithe araon, rud a thugas le fios gur féidir leis na hAirméanaigh páirt éigin a dhéanamh in aon iarracht a bheas ag an dá thír sin a gcomhchaidreamh a thabhairt chun feabhais. Tá an Airméin ag comhoibriú go dlúth leis an Rúis i gcúrsaí míleata, agus tá bunáit de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise suite in aice le Gyumri san Airméin.

Ar an 12ú lá de Mhí Eanáir i mbliana rinne saighdiúir Rúiseach a bhí ar a sheachnadh ón mbunáit mhíleata ródach millteanach in Gyumri, nó mharaigh sé teaghlach áitiúil: seachtar daoine a fuair bás, páistí beaga ina measc. Ní raibh sé leis an dlí a sheasamh san Airméin, ó ghabh na húdaráis mhíleata Rúiseacha é ina dhiaidh sin, agus tugadh chun na Rúise é. Ní raibh muintir na hAirméine sásta leis seo, agus chuaigh sluaite móra daoine ag léirsiú agus ag éileamh go gcuirfí an dlí ar an saighdiúir san Airméin. Cuid de na léirsitheoirí bhí siad fiú ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an bpolasaí eachtrach Rúis-bháúil, ach dealraíonn sé nach raibh mórán de bhunadh na tíre ar aon fhocal leis na hagóideoirí seo. Is dócha go síleann tromlach mhuintir na hAirméine nach féidir leo déanamh in uireasa na tacaíochta míleata ón Rúis, dingthe idir an Tuirc agus an Asarbaiseáin mar atá siad.

Posted in: Nuacht