Glas agus Gaelach?

Posted on Márta 20, 2015 le

2



Tá na páirtithe polaitiúla in Éirinn á gcáineadh ag Gaeilgeoirí le fada as a easpa díograis i leith na teanga, ach an bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí? d’fhiosraigh Ciarán Dunbar an scéal.

Más gann na ceisteanna atá Gaeil na hÉireann ar an aon fhocal faoi, glactar leis go forleathan nach mbíonn le fáil ann ach fimíneacht i leith na Gaeilge sa saol polaitiúil.

Taobh amuigh de dhíograiseoir nó dhó ach ní fhaightear ach leithscéalta, béal grá agus an cúpla focal.

Cáintear Sinn Féin agus Fianna Fáil go háirithe mar go bhfuil an dá pháirtí glórach ar cheist na teanga ó am go ham, ach is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an dá phreasoifig acu taobh amuigh de chorr-ráiteas.

Fiú polaiteoirí ón Ghaeltacht ar nós Pearse Doherty, is i mBéarla amháin den chuid is mó a scaipeann siad a chuid bolscaireacht, ar nós Eamon Ó Cuív féin. Síolraíonn siad beirt ó thraidisiún O’Connell is léir.

Tá cnaipe Gaelach ar a suímh idirlín ag an dá pháirtí poblachtach ach má bhrúitear na cnaipí sin ní fhaigheann tú ach an ‘cúpla focal’, siombalachas láidir den fhimíneacht agus de na gealltanais fholmha.

Creid nó ná creid, is é bunaidhm Fhianna Fáil, “chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo na ndaoine.”

Agus bhí plean 5 bliana ag Sinn Féin leis an pháirtí a Ghaelú ó bhun go barr, ní léir mórán rátha air sin.

Tá sé le feiceáil sna meáin agus ar na meáin shóisialta go bhfuil polasaithe an Chomhaontais Ghlais á n-aistriú go Gaeilge agus tá leathanach Facebook as Gaeilge acu – an bhfuil siadsan ar an pháirtí is gaelaí in Éirinn?

Labhair mé le Seán Ó Buachalla, Cathaoirleach Ghrúpa Polasaí Gaeilge, ar an cheist seo agus eile.

Cad é do ról sa pháirtí?

Is mé Cathaoirleach Ghrúpa Polasaí na Gaeilge sa pháirtí agus tá mé mar rúnaí an ghrúpa áitiúil i gContae na Mí chomh maith.


Cad é seasamh an pháirtí i leith na Gaeilge?

Measann an Comhaontas Glas gur acmhainn luachmhar chultúrtha den domhan seo í an Ghaeilge, ar an gcaoi chéanna leis na hacmhainní nádúrtha sa saol seo, agus go bhfuil an tábhacht chéanna lena caomhnú agus lena cosaint dá bharr.

Is mian linn éagsúlacht chultúrtha a chosaint chomh maith le héagsúlacht nádúrtha. Ar an mbonn sin, tá Cairt Teanga daingnithe againn chun dátheangachas a chur chun cinn go foirmiúil sa pháirtí féin agus tá an Chairt sin le léamh ar ár suíomh gréasáin, in éineacht lenár bpolasaí Gaeilge iomlán.

Maíonn gach uile pháirtí go bhfuil siad ar son na Gaeilge, ach is annamh a dhéanann siad beart de réir briathair ina leith ina n-eagraíocht féin agus sin an chaoi a bhfeictear go fírinneach cé chomh dáiríre is atá páirtí ar leith faoin teanga.

Tá iarracht fhiúntach á déanamh ag an gComhaontas Glas faoi láthair úsáid/feiceálacht na teanga a chur chun cinn go hinmheánach.

I láthair na huaire, tá cuid mhaith de pholasaithe ár bpáirtí ar fáil/á n-aistriú go Gaeilge chun ár ndíograis faoin teanga a chur i ngníomh agus tá suíomh gréasáin a bheidh go hiomlán dátheangach ar na bacáin chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na forbairtí seo ar na meáin shóisialta ón leathanach ‘Gaeilge sa Chomhaontas Glas’ ar Facebook, nó trí mé féin a leanúint ar Twitter.

Meas tú go bhfuil níos mó tacaíochta ar an eite chlé in Éirinn ná ar an eite dheis – agus más é – cén fáth sin dar leat?

Tá agus Níl. Arís, caithfear ceist a chur cé na páirtithe a bhaineann leis an eite dheas agus an eite chlé agus tá tuairimí éagsúla ag daoine éagsúla air sin.

Mhaífeadh Sinn Féin, mar shampla, gur páirtí den eite chlé iad agus maíonn siad go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge.

Ach i gcás leithéidí ‘People Before Profit’/’Anti-Austerity Alliance’/An Páirtí Sóisialach, dreamanna atá i bhfad níos faide ar chlé ná Sinn Féin, ní chloisim iad ag caint in aon chor faoin nGaeilge/as Gaeilge (amach ó shampla eisceachtúil pearsanta Joe Higgins).

Déarfadh na páirtithe sin gur páirtí den eite dheas é Fianna Fáil, agus cé nach bhfuil Fianna Fáil leath chomh díograiseach faoin nGaeilge is a mhaíonn siad féin, leagann siad béim níos mó uirthi ná na dreamanna atá i bhfad ar chlé, de réir mar a fheicimse féin.

Sa lá atá inniu ann, is léargas fírinneach ar dhearcadh páirtí ar bith ar an nGaeilge é suíomh gréasáin an pháirtí sin agus feiceálacht na Gaeilge air, dar liom, agus níl Gaeilge ar bith ar shuíomhanna gréasáin na bpáirtithe atá go mór ar chlé ná ar shuíomh gréasáin an pháirtí is mó ar dheis dar le cuid mhaith daoine (Fine Gael).


Meas tú gur páirtí den eite chlé é an Comhaontas Glas?

Ceist chigilteach í sin. Thabharfadh daoine áirithe taobh istigh agus taobh amuigh den pháirtí freagraí difriúla air sin, dar liom! Go bunúsach, is fearr linn smaoineamh orainn féin mar pháirtí forásach (mana coitianta de chuid na nGlasach is ea “ní ar chlé ná ar dheis, ach chun tosaigh.”)

Mar shampla, níl fadhb againn le táillí uisce, fad is go mbíonn siad cóir agus cothrom, agus shamhlódh cuid mhaith daoine sin leis an eite dheas.

Ach táimid go mór ar son reifreann bunreachta a chinnteodh go gcoinneofaí acmhainní uisce na hÉireann faoi úinéireacht phoiblí, agus shamhlódh cuid mhaith daoine an dearcadh sin leis an eite chlé.

Táimid ar son ceartas sóisialta, ach tá/bhí a ngnólachtaí féin á reáchtáil ag cuid mhaith dár mbaill agus dár n-ionadaithe tofa agus níl fadhb againn le brabús gnó fad is nach ndéantar díobháil timpeallachta agus shóisialta chun é a bhaint amach.

Is as Contae na Mí é Seán Ó Buachalla. D’fhreastail sé ar mheánscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire agus tá sé ag obair go gairmiúil mar aistritheoir le deich mbliana anuas.

Tá sé i ina bhall den Chomhaontas Glas ó bhí sé ina dhéagóir agus bhí sé mar iarrthóir ag an bpáirtí i gContae na Mí roinnt uaireanta le blianta beaga anuas.

Posted in: Nuacht