An Tionscadal agus an tSeachtain Naofa

Posted on Márta 27, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Sciorr Mí Mhárta tharam go sciobtha—bhíos iontach gnóthach. Faoi láthair, bím ag taisteal siar is aniar idir Shasana agus Mheiriceá de bharr cúinsí oibre agus clainne. Ní raibh aon am fágtha don scríbhneoireacht . . .

Ar aon chaoi, chríochnaigh mé an leabhar a roghnaigh mé do Mhí Fheabhra: An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin. Thaitnigh sé liom maith go leor, ach ní léifidh mé arís é. Leabhar sách éadrom atá ann cé go ndéanann an t-úrscéal iarracht dúshlán conspóidí ár linne a thabhairt—an tsláinte, cumhacht na ngnólachtaí móra, fad saoil, cultúir dhúchasacha á ndíbirt. Tá neart fo-scéalta neadaithe sa bplota ach ní chuirtear bailchríoch orthu; mar shampla, tá leabharlann faoi thalamh i mbaile beag iargúlta agus tá fáil ar gach leabhar a scríobhadh agus a scríobhfar (aimsir fháistineach!) ann. Ach déanann laoch an scéil—taighdeoir eolaíochta—neamhaird, beagnach, den leabharlann toisc go bhfuil a aird ar fad ar phlanda a thuganns…

Amharc ar an alt bunaidh 137 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht