Athrú Córais, chan Athrú Aeráide

Posted on Márta 30, 2015 le

0



Crá Croí Cois Cuain

Tuairisc le Trócaire ar thionchar an athrú aeráide

Mar chuid den fheachtas Carghais ag Trócaire i mbliana, tá an charthanacht ag díriú airde ar dhrochthionchar an athrú aeráide atá le sonrú cheana féin i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan, an Aetóip ach go háirithe.

D’fhoilsigh Trócaire tuairisc tamall beag ó shin faoin teideal Feeling the Heat, a chuir roinnt cás-staidéar chun cinn ó thíortha atá i mbéal forbartha – an Aetóip, Hondúras, an Chéinia, an Mhaláiv agus na hOileáin Fhilipíneacha.

Bíodh is go bhfuil astaíocht dé-ocsaíde carbóin (CO2) na dtíortha seo thar a bheith íseal, is mó atá tíortha mar seo ag fulaingt mar gheall ar an uafás astaíochta atá ag teacht ó na tíortha forbartha – Éire san áireamh.

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin seo bhí leid ar cheann de na constaicí is mó os ár gcomhair le feiceáil an…

Amharc ar an alt bunaidh 579 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht