Céim Síos Do Cassidy

Posted on Márta 30, 2015 le

0



cassidyslangscam

Nuair a thosaigh mé ar an bhlag seo a scríobh cúpla bliain ó shin, rinne mé cinneadh go scríobhfainn an chuid is mó de i mBéarla. Ní hé nach mbeinn ábalta an blag a chumadh i nGaeilge, ach tá an blag seo dírithe go príomha ar dhaoine a chreideann san amaidí a scríobh Daniel Cassidy ina leabhar How The Irish Invented Slang. Is Gael-Mheiriceánaigh formhór na ndaoine sin, nó daoine de bhunús Gaelach atá lonnaithe i dtíortha eile a bhfuil an Béarla i réim iontu. Is beag Gaeilgeoir arbh fhiú Gaeilgeoir a thabhairt air a chreidfeadh i leithéidí ‘uí bhfolaíocht án’ (an frása as a bhfuair an Béarla an focal high-falutin’, dar le Cassidy.) Duine ar bith a bhfuil Gaeilge mhaith aige, thuigfeadh sé láithreach nach bhfuil sa leabhar seo ach bocamadán craiceáilte ag smaoineamh os ard.

Agus sin ráite, is mór an díol spéise caimiléireacht Cassidy do lucht…

Amharc ar an alt bunaidh 199 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht