Gaeilge Chonnacht sa Foclóir

Posted on Aibreán 7, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Tréaslaím an tsárobair le lucht déanta focloir.ie. Áis iontach é do dhuine ar bith a bhíonn ag plé leis an bhfocal scríofa. Is iontach na huirlisí iad freisin na taifid fuaime a léiríonn fuaimniú na bhfocal sna trí mhórchanúint.

Cuireann an fhoghraíocht Chonnachtach mearbhall orm amanta, áfach. Níl tuin Chonamara ar chuid de na samplaí. Mar shampla, féach na hiontrálacha ar fonn agus tonn. Go bhfios domsa, deirtear na focail seo ar fud Chonamara ar nós “fún” agus “tún”. Mar a deir Ó Curnáin in The Irish of Iorras Aithneach,

o curnain onn unn

Ach foghraítear fonn agus tonn ar nós “fon” agus “ton” ar focloir.ie.
http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/tune?q=tune
http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/wave?q=wave#wave__10

Ní dóigh liom gur cainteoirí Chonamara atá ag rá na bhfocal sin. Tháinig foireann focloir.ie romham, áfach:

focloir treoir

Ach, i gConnachta, ní dóigh liom go bhfuil ceantar Gaeltachta ar bith a déarfadh “fon”, ach b’fhéidir iar-thuaisceart Mhaigh Eo (seans go bhfuil dul amú orm). Ach nárbh fhearr…

Amharc ar an alt bunaidh 61 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht