Trén bhFearann Breac: Léirmheas

Posted on Aibreán 14, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

trenFaceAn leabhar a léigh mé do Mhí Márta ná Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge le Máirín Nic Eoin (Cois Life 2005). Saothar critice é seo a scagann an chaoi ar thug litríocht na Gaeilge dúshlán a stádais mar mhionteanga i rith an fichiú haois. Pléann Nic Eoin iliomad údar, ó Pheadar Ó Laoghaire go Joe Steve Ó Neachtain agus neart nach iad, agus is í iomadúlacht seo an ábhair ar na tréithe is fearr de chuid an leabhair. Chuir Trén bhFearann Breac faobhar orm údair ar nós Pádraig Ua Maoileoin, a bhfuil trácht cloiste agam orthu ach nár oscail mé a leabhair fós, a léamh. Má tá do liosta léitheoireachta folamh, is fiú blaisín de Trén bhFearann Breac a alpadh siar.

Ar na ceisteanna ba spéisiúla liom a tharraing Nic Eoin anuas ná an tsíorchoimhlint idir caint na ndaoine agus an Ghaeilge liteartha. Tá seantaithí…

Amharc ar an alt bunaidh 442 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht