An SDLP i gcoinne scor an Acht um Chearta Daonna

Posted on Bealtaine 13, 2015 le

0



Saol Corrach

Deir urlabhraí an SDLP, Alban Maginness, go mba thubaisteach dá bhfaighfeadh rialtas na Breataine réidh leis an Acht um Chearta Daonna. Gheall rialtas nua David Cameron go bhfaighfeadh siad réidh leis agus go dtabharfaí isteach Acht um Chearta Daonnach Briotanach cionn is nár mhaith leo go mbeadh cúirteanna na hEorpa ag socrú cad iad na cearta daonna cuí agus iad ag rialú i gcásanna chearta daonna áirithe de rogha ar chúirteanna na Breataine. Deir Alban Maginness go mbeadh rudaí tríd a chéile ar fad, go háirithe maidir le cuid de na ceisteanna is conspóidí agus is leochaillí ó thuaidh, dá leanfadh rialtas na Breataine lena bplean. Inne cháin an Committee for the Administration of Justice, an Coiste um Riar na Cirte agus an Coimisiún Cearta Daonna ó thuaidh an plean. Dar leis an CRC go mbeadh rún rialtas na Breataine chun an Acht a aisghairm ag teacht salach ar choimitmintí…

Amharc ar an alt bunaidh 7 bhfocal eile

Posted in: Nuacht