Derek Davis i ndiaidh a bháis

Posted on Bealtaine 13, 2015 le

0



Saol Corrach

Tá an craoltóir Derek Davis i ndiaidh a bháis. Bhí sé in aois 67 bliain. Rugadh i gContae an Dúin é ach fuair sé a léann i gContae Aontroma go dtí aois na hollscoile. Is ar an stáisiún teilifíse ABC i Meiriceá ar thosaigh sé ar an chraoltóireacht agus bhí luí aige le cúrsaí reatha sna blianta fada a chaith sé ar chláir nuachta/cúrsaí reatha ag an BBC ó thuaidh agus ansin ag RTÉ. In imeacht ama áfach chuir sé i láthair cláir de gach cineál agus bhí sé roinnt blianta ó shin ar ais ar an scaileán sa chlár ‘Celebrity Bainisteoir.’ Ar an Domhnach seo caite bhí sé ar chlár raidió Marian Finucane. Maireann a bhean agus triúr páiste.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht