An SDLP : Díoltas an Bhua?

Posted on Bealtaine 16, 2015 le

0



Ciarán Dunbar

Tá níos mó brú ar cheannaire an SDLP Alasdair McDonnell ar maidin ná mar a bhí go dtí seo.

Sin in éis do leascheannaire an pháirtí Dolores Kelly a rá go poiblí gur chuir daoine ar fud fad an Tuaiscirt a gcuid buairimh in iúl do lucht tacaíocht an pháirtí faoina cheannasaíocht agus iad sa tóir ar vótaí i dtoghchán Westminster.

Cé gur bhain an SDLP na trí shuíochán a bhí acu cheana ar ais thit a vóta 2.6%.

Tá siad anois ar 13.9% den vóta, ní mionpháirtí iad go seadh ach tá baol agus buaireamh ann go bhfuil an lá sin ag teacht.

Tháinig ráiteas Kelly, atá aisteach ar an ábhar gur dhúirt sí go poiblí é, cúpla lá in éis do fhathaigh mhóra an pháirtí, Séamus Mallon, Bríd Rodgers agus an Mark Durkan iarraidh ar an Dr. McDonnell éirí as mar cheannaire.

Seo a dúirt Dolores Kelly leis an BBC : “But what I do think now in the interests of the party – and that’s my only interest – the debate now has to come back into the party itself.

“We need to discuss it in a mature way within the party so that we can give hope to the people that we represent and the people we hope to represent and hope to represent after next year’s assembly elections.”

Tá sé seo ag éirí dáiríre anois, rud amháin comhrá taobh istigh den toigh a bheith ag páirtí maidir leis an cheannaireacht – rud eile é a dhéanamh go poiblí mar seo.

Féadaim a thuairisciú go bhfuil an-imní faoi lucht tacaíochta an pháirtí faoi.

Ach is trodaí McDonnell – deir sé nach bhfuil sé chun éirí as.

Troidfidh sé chun deiridh, agus tá lucht tacaíochta aige.

I ndeisceart an Dúin mar shampla, áit a bhfuil an SDLP caomhach agus meánaicmeach go smior.

Char chuala mé a dhath as an pháirtí i nDeisceart Ard Mhacha mar gheall ar seo go fóill áfach

Tá Colm Eastwood á lua mar an chéad cheannaire eile ach cé hé agus cad iad na smaointí móra atá aige?

An leor duine ‘maith’ nó an bhfuil tiomantas íde-olaíochta de dhíth le ceannaireacht pholaitiúil cheart a chur ar fáil?

Cúrsaí aicme agus ‘maitheas’ mar choincheap sóisialta-polaitiúil a choinníonn an SDLP le chéile – an bhfuil siad láidir go leor mar ghlae?

Táthar ag rá le fada go bhfuil an páirtí ag streachailt chun teachtaireacht nua a aimsiú, chun a mbranda a láidriú agus chun aidhmeanna nua a aimsiú don pháirtí.

Ach seo an rud a chuirim orm féin ar maidin – ar bhain an SDLP slat atá ag sciúradh a droim féin?

Is é sin le rá, ar éirigh leis an SDLP a gcuid aidhmeanna a bhaint amach le Comhaontú Aoine an Chéasta agus le cothrom na Féinne (sibhialta chan cultúrtha) a bhaint amach do náisiúnaithe agus do Chaitlicigh an Tuaiscirt?

Cad a dhéanann páirtí polaitiúil a dhéanann éacht agus a bhaineann a chuid aidhmeanna amach, nó ceist níos ábhartha – cad ab fhéidir le ceannaire nua a dhéanamh le páirtí mar sin a athbheochan?

FÉACH CHOMH MAITH :

Posted in: Nuacht