Níl Gaeilge Marbh.
Ní thuigeann gach duine é sin. Tá sí fós anseo agus ag fás. Aiséirí ar bhealach cé nach bhfuair sí bás riamh. Aiséirí mar sin sa ‘Ghalltacht.’ Is maith sin ach tá an teanga fós i mbaol. Céim eile ar aghaidh ag teastáil fós. Céim sa chloigeann a aithníonn feall agus a thuigeann an fhírinne. Céim a shábháilfidh muid ó náire. Aiséirí ar siúl faoi láthair ach an bhfuil saoirse ag teacht leis?
Léigh mé fógra do ranganna Gaeilge i SAM le déanaí ag moladh gur féidir leat teanga ‘of bygone days’ a fhoghlaim. Aithne agam ar an mbean a scríobh é agus is duine fíordheas í. Bhí sí, dáiríre, ag iarraidh cúnamh a thabhairt don teanga. Ach ghoill sé. Mar níl sé fíor. Níl muid gone by. Tá muid fós anseo. Mhaireamar is an teanga linn.
Tuigim a cás. Tuigim nach dtuigean sise é sin…
Amharc ar an alt bunaidh 720 d’fhocla eile
Posted on Bealtaine 18, 2015 le Tuairisceoir
0