Ard Mhéara Cóbanhávan i ndiaidh cosc a chur ar fhostaithe taisteal ar Ryanair

Posted on Bealtaine 19, 2015 le

0



Saol Corrach

Beart mar aon le briathar. Is léir gur sin an cur chuige atá ag Frank Jensen, Ard Mhéara Cóbanhávan. Ta tuairisc ann go bhfuil sé i ndiaidh a ordú don 45,000 fostaí ag an Chomhaire cathrach gan a bheith ag taisteal ar Ryanair nó gnó a dhéanamh leo. Shocraigh sé ar dhéanamh amhlaidh mar, dar leis, nach ndéanann Ryanair pá ná coinniollacha sásúla a thairscint dá bhfostaithe. Cháin sé iad fosta as gan córas cómhargála a bheith acu don Danmhairg. Dar le Ryanair nach cuireann líomhaintí an Ard Mhéara san áireamh go bhfaigheann píolótaí is criú eitleáin Ryanair ardthuarastal agus cinnteacht ó thaobh fostaíochta de. Ní léir cén tionchar a bheidh ag an baghcat seo ar Ryanair sa Danmhairg. Thosaigh an aerlíne ar eitiltí go Cóbanhávan ag tús na bliana seo.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht