Deartháir don Duine Aerach an fear ithe Diúilicín – ‘bíodh an ghráin agaibh orthu’

Posted on Bealtaine 20, 2015 le

2



Tuairim le Seán Ó Néill
 
Go díreach mar a deirtear gur deartháir don tsac an mála, caithfear gurb ionann fear ithe diúilicín agus duine a luíonn le duine eile den inscne chéanna. Níl soiléiriú de dhíth orainn sa chás dheireanach sin, nó tá sé ráite linn gur chóir go gcuirfí chun báis na fir a luífeadh lena chéile.  
 
“Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin”
(Léivític 20:13)
 
Cá chuige nach gcuirfí chun báis an rógaire a bheadh de shíor ag alpadh na sliogán damanta sin, fosta?
IMG_1027
 Níl mé iomlán cinnte fá scála cánach an pheaca, nó cé hé go díreach ar cheart dó an t-idirdhealú seo a dhéanamh, ach mar sin féin, is léir gur chóir go mbeadh gráin againn ar an té a mbeadh sé de mhisneach aige na diúilicíní coiscithe a ithe. Nach dána an mhaise dó é!
 
Nó tá sé ráite linn sa leabhar mhór:
 
“Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe: 
 
ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.” (Léivític 11: 9-10)
 
Breá soiléir – níl cead ag aon duine bia mara ar bith a ithe nach bhfuil eití ná gainní aige.
 
Bíodh an ghráin againn orthu! Cuirtear chun báis iad láithreach!
 
Fan bomaite…an bhfuil ceart ag ceannaithe éisc na sliogáin dhubha a dhíol? Cad é a shíleann Asher’s Bakery?
 
Ar ndóigh, mar dhea.
 
Mura thug tú fá dear cheana féin, tá mé ag scríobh i leith na háibhéile. Nach casta an rud an creideamh, áfach? Nach dtéann cúrsaí in aimréidh, má chruthaítear scála peacaí agus pionós ar leith ag baint leis na peacaí faoi seach?
 
Nó tá sin ar an rud is suntasaí dá bhfeicim féin ó thaobh cúrsaí creidimh agus an dhlí i láthair na huaire, fad a bhaineann le cás an bhácúis ó thuaidh, nó le díospóireacht an reifrinn ó dheas, go fiú.
 
Más rud é go bhfuil an creideamh bunaithe ar lom an Bhíobla, mar atá do roinnt mhaith daoine, cad chuige nach nglactar le achan uile rud atá luaite sa leabhar?…Reifreann chun dlí a chur i bhfeidhm in éadan díolta diúlicíní, ar na bacáin?
 
Ní shílim é, ach má ghlactar leis nach bhfuil daoine de chreidimh áirithe ag iarraidh achan rud sa Bhíobla a chur i bhfeidhm, sa stát nó ina saol príobhaideacha go fiú, nach dtagann sin chun solais laige ollmhór ina dtaobh? Nach cuireann sé in iúl go bhfuil solúbacht ag baint leis an scéal ó thaobh léirmhíniú na gcuntas sa Bhíobla?
 
Caithfear an t-idirdhealú a dhéanamh idir an stát agus na creidimh éagsúla, sa dóigh is nach bhfaigheadh dream amháin an lámh in uachtar ar dhream eile. 
 
Sin an fáth a bhfuil an dlí againn. Sin an fáth a bhfuil reachtóirí againn. Sin an fáth a bhfuil cead ag na ceannaithe éisc na diúilicíní a dhíol. 
 
Cad é faoi Dhia a dhéanfainn dá ndiúltódh an ceannaí éisc m’ordú sliogáin dhubha? 
Posted in: Tuairim