Averil Power i ndiaidh éirí as Fianna Fáil

Posted on Bealtaine 25, 2015 le

0



Saol Corrach

Díreach agus cuma ar an scéal go raibh rudaí ag bisiú d’Fhianna Fáil i bhfianaise bua Bobby Alyward tháinig scéal chucu tráthnóna inniu go bhfuil Averil Power i ndiaidh éirí as an pháirtí agus cáineadh trom aici dóibh agus í ag imeacht. Dar léi nach mbeidh sí ag dul isteach i bpáirtí polaitiúil eile. I measc rudaí eile dúirt sí go bhfuil easnamh mór físe, misnigh agus ceannasaíochta i bhFianna Fail. Ceannaire gan lucht leanúna a thug sí ar an cheannaire reatha Mícheál Ó Máirtín. Chuir sí in iúl go bhfuil polaiteoirí Fhianna Fáil ag cur a leas pholaitiúil féin chun tosaigh ar riachtanais na tíre agus an phobail.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht