Bill O’Herlihy i ndiaidh a bháis

Posted on Bealtaine 25, 2015 le

0



Saol Corrach

Cailleadh an chraoltóir aitheanta Bill O’Herlihy ar maidin agus é in aois 76 bliain. Bhí sé ar an phríomhláitheoir ar chláir sacair idirnáisiúnta RTÉ le fada agus a nathanna cainte, “okey dokey” agus “we’ll leave it there so” ar bharr a dteanga ag bunús breathnóirí. Thosaigh sé ag obair ag RTÉ sna 1970í luath i ndiaidh dó seal a chaitheamh ag obair ag an Irish Examiner. In RTÉ bhíodh sé ag an tús ag obair i rannóg na gcúrsaí reatha ach in imeacht ama bhog sé chuig an rannóg spóirt, áit ar chaith sé bunús a shaoil ghairmiúla. In 1990 bhain sé Gradam Jacob as an láithriú a rinne sé ar chláir Chorn Domhanda ’90 ar son RTÉ. D’éirigh sé as RTÉ i ndiaidh Corn an Domhain a chríochnú anuraidh.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht