414. Mo shaol i SAM: Memorial Day

Posted on Bealtaine 27, 2015 le

0



ancroiait

Oh NO

Inniu ag an gcafé, am sosa, ag caint le múinteoir eile ón scoil:

Ise: Haaaiigh! An raibh deireadh seachtaine maith agat? An raibh tú ag ceiliúradh?
Mise: Lán le háthas. Bhí! Bhí!

Ise: Gealgháireach. Céard a rinne tú i gcomhair Memorial Day?
Mise: Ciúnas..úps…. Ó raight. … Memorial Day. Ciúnas míchompóirdeach.Mé ag smaoineamh go tapaidh. Er… Nach ócáid shollúnta í sin?

Ise: Ní hea…‘Sé sin le rá… Sea… Beagáinín trína chéile. Bhuel … ag caint go mall ar nós do pháiste beag…smaoiníonn tú ar na saighdiúirí a bhfuair bás ar son ár saoirsí anseo i Meiriceá. Ag fanacht…. Ansin níos láidre. Tá neart tíortha sa domhan gan na saoirsí sin, tá ‘fhios agat! Agus ANSIN bíonn cóisir ag daoine. Mar bhuaigh siad na saoirsí sin dúinn. Ergo et…

Mise: Ciúnas míchompóirdeach. Mé ag smaoineamh ar an bhfocal saoirse san uimhir iolra. Ag smaoineamh ar an méad daoine i…

Amharc ar an alt bunaidh 77 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht