Mc Namara ina aonar seal i ndiaidh dó gan tacú le díol Aer Lingus

Posted on Bealtaine 29, 2015 le

0



Saol Corrach

74 vóta an rialtais i gcoinne 51 an fhreasúra. B’shin an toradh ar vóta na Dála trathnóna ar phlean an rialtais chun a scaireanna in Aer Lingus a dhíol.

In ainneoin go leor de ‘foinsí’ i bPáirtí an Lucht Oibre a bheith ag sceitheadh ‘eolais’ leis na  meáin ar chúla téarma agus ag insint scéaltaí cailleach an úafáis faoi chúlbhinseoirí a bheith thar a bheith míshocair leis an phlean sheas foireann iomlán Teachtaí Pháirtí an Lucht Oibre tráthnóna , seachas Michael Mc Namara ó Chontae an Chláir, agus vótáil ar son díol scaireanna an rialtais in Aer Lingus le IAG. As an taifead bhí an páirtí ag cur in iúl le 24 uair a chloig anuas go raibh an tuarascáil a rinne na comhairleoirí Nyras ag cruthú go leor fadhbanna dóibh nuair a tháinig an crú ar an táirne thacaigh gach Teachta dá gcuid, seachas Mc Namara, leis an rialtas.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht