Suas le 100 saighdiúir/péas de chuid na hIaráice marbh in ionsaithe inniu

Posted on Meán an tSamhraidh 1, 2015 le

0



Saol Corrach

D’fhág dá mhór ionsaí ag buamadóirí féinmharfacha i gCúige Anbar na hIaráice suas le 100 saigdhiúir/péas de chuid  na hIaráice marbh ar maidin. Cuirfidh na hionsaithe go mór le fadhbanna an rialtais i mBagdad atá i mbun oll-ionsaí in Anbar i láthair na huaire agus iad ag iarraidh misneach is cumas a n-arm a thógáil agus bailte is cathracha ar nós Ramadi is Mosul a athghabháil ón Stát Ioslamach.

Sa chéad eachtra ar maidin inniu d’ionsaigh buamadóir féinmharfach slua de shaighdiúirí is baill de ghrúpa mílisteach in Seddiqiya, baile soir ó Ramadi.

Maraíodh 33 saighdiúir de réir céad tuairiscithe ach meastar gur seans go rachaidh an líon sin in airde nó gortaíodh os cionn 40 saighdiúir eile.

Roinnt uaireanta a chloig i ndiaidh na hionsaithe sin rinne triúr buamadóir féinmharfach i jíp Humvee de chuid arm na hIaráice, ionsaí ar armlann in aice le Fallujah.

Tharla na hionsaithe sin ag…

Amharc ar an alt bunaidh 434 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht