Gaeilge ina ‘buntáiste’ ach ní ina ‘riachtanas’ do Shinn Féin

Posted on Meán an tSamhraidh 15, 2015 le

7



Tá post á fhógairt ag Sinn Féin do phreas-oifigeach in Oifig na hEorpa Shinn Féin sa Bhruiséil.

Luaitear an Ghaeilge leis an phost; “Ability to write as Gaeilge will be viewed as an advantage.

Ach seo do phost san Aontas Eorpach (áit a bhfuil stádas éigin ag an Ghaeilge) ag cur ionadaíochta ar fáil do thír ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus ina teanga náisiúnta in éineacht leis an Bhéarla.

Príosún na Maighe / H-Blocanna na Ceise Fada, áit ar éirigh le príosúnaigh IRA dhá sciathán a Ghaelú ina nGaeltachtaí.

Príosún na Maighe / H-Blocanna na Ceise Fada, áit ar éirigh le príosúnaigh IRA dhá sciathán a Ghaelú ina nGaeltachtaí.

Lena chois, tá polasaí ag Sinn Féin an páirtí féin a Ghaelú ón taobh istigh, ag glacadh inspioráid Batasuna Thír na mBascach agus na H-Blocanna Gaeltachta inar thiontaigh príosúnaigh ar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha.

Mar sin de, cén fáth gur “advantage” amháin” é a bheith ábalta feidhmiú i dteanga dúchais na hÉireann ach ní “riachtanas”?

Cuireadh an cheist sin ar Shinn Féin (i nGaeilge amháin).

Tháinig na freagraí ón Fheisire Pharlaimint na hEorpa, Liadh Ní Ríada, atá ina cainteoir Gaeltachta ó dhúchas agus aitheanta mar Ghaeilgeoir gníomhach.

Uime sin, cad chuige an coinníoll sin luaite leis an phost?

“Táimíd i gcónaí ag iarraidh ár bpáirtí a Ghaelú,” a deir an BPE Ní Ríada, “agus is coinníoll coitianta é seo i gcur síos ar phostanna sa pháirtí.”

“Tuigimíd go bhfuil a lán daoine sárchumasach nach bhfuil Gaeilge acu agus nílimíd ag iarraidh leatrom a dhéanamh orthu, ach é sin ráite feictear dúinn gur cheart, gach rud san áireamh, buntáiste a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé ar a gcumas scríobh as Gaeilge.”

An Feisire Eorpach Liadh Ní Ríada - aithnítear í mar dhuine de na polaiteoirí is laidre ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn.

An Feisire Eorpach Liadh Ní Ríada – aithnítear í mar dhuine de na polaiteoirí is laidre ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn.

Ach cad chuige mar sin nach bhfuil sé iomlán riachtanach go mbeadh an preas-oifigeach a cheapfar ábalta feidhmiú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla (ar a laghad)?

“Is ceist mhaith é seo, agus tuigim an pointe a dhéanann tú leis. Tá foireann láidir againn sa Bhruiséil agus Gaeilge iontach mhaith ag cuid mhór dóibh.

“Is Gaeltacht bheag í m’oifig féin, agus Gaeilge ag m’fhoireann féin sa Pharlaimint agus sa toghcheantar.

“Mar aon le seo tá beirt eile sa Pharlaimint le hardchaighdeán Gaeilge, agus roinnt mhaith le caighdeán maith Gaeilge labhartha acu.

“Déanann mise nó m’fhoireann mo phreas, agus Gaeilge againn go léir. Tá beirt sa bhreis taobh amuigh do m’oifig féin, atá ar fáil chun tacaíocht a thabhairt i dtaobh aistriúchán idir Gaeilge agus Béarla.

“Is ról bainistíochta agus straitéiseach a bheidh i gceist sa phost seo, ag obair go hinmheánach leis na feisirí agus a bhfoirne. Mar sin níl cumas scríobh inár ndá teangacha oifigiúla riachtanach don ról.

“Níl na feisirí bainteach leis an bpróiseas roghnúcháin. Ar bhonn pearsanta, bheinn féin thar a bheith sásta fáilte a chuir roimh Ghaeilgeoir breise sa Bhruiséil. Is aoibhinn liom cloisteáil ár dteanga náisiúnta sna dorchlaí Shinn Féin.

“Labhraím féin Gaeilge le m’fhoireann féin i gcónaí, agus cé nach bhfuil Gaeilge láidir ag againn go léir sa Bhruiséil, déanann gach duine iarracht í a labhairt.

Tá Sinn Féin ar son Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Phoblacht agus ar son Acht Gaeilge ó thuaidh – Nach bhfuil na polasaithe iad siúd ag teacht salach ar an chur chuige a úsáideann Sinn Féin taobh istigh den pháirtí? Is é sin le rá, mura mbeidh Gaeilge ag an té a cheapfar, seirbhís as Béarla amháin a bheas ag teacht ón Eoraip ó Shinn Féin?

Cad chuige a gcuirfeadh Sinn Féin dualgas ar an stát nach bhfuil an páirtí sásta a chur air féin?

“Ní hea. Bhí, tá agus beidh go deo seirbhís dhátheangach ar fáil ó Shinn Féin in Éirinn agus san Eoraip. Táimíd ag cur lenár gcumas i dtaobh na Gaeilge i gcnaí, agus cinnte is féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís sin in áiteanna.

“Ach mar aon lenar sochaí, táimíd mar gníomhaí ar an mbealach fada i dtreo athghabháil na hÉireann. Nílimíd ann go fóill, agus is tábhachtach bheith macánta go leor é seo a admháil.

“Tá níos mó obair le déanamh againn i Sinn Féin chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus glacaimíd le cáineadh ón bpobal.

“É sin ráite táimíd go hiomlán tiomnaithe i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh í a cur chun cinn.

“Maidir leis an cheist dheireanach. Ní stát muidne, nó ní státseirbhís muid. Mar sin, cinnte níl an dualgas céanna orainn mar pháirtí agus mar atá ar an stát. Mar atá ráite agam cheana, bhí, tá agus beidh seirbhís ar fáil as Gaeilge agus as Béarla ó Shinn Féin.

“Táimid ag lorg cothrom na Féinne ar son na Gaeilge agus go dtí go bhfuil sé seo againn ó thuaidh agus ó theas déanfaimíd ár ndícheall di.”

Tá sé i gceist ag an Tuairisceoir teagmhail a dhéanamh le gach páirtí in Éirinn ar an ábhar seo. 

Posted in: Nuacht