Ceannaire al Qaeda ar leathinis na hAraibe marbh in ionsaí Mheiriceánach

Posted on Meán an tSamhraidh 16, 2015 le

0



Saol Corrach

Dhearbhaigh al Qaeda ar leathinis na hAraibe inniu gur maraíodh ceannaire s’acu, Nasser al-Wuhayshi, in ionsaí a rinne eitleán gan piolóta de chuid Mheiriceá ar thriúr trodaire dá gcuid san Éimin. Tá tuiairiscithe éagsúla faoi cén áit nó cén uair a tharla an t-ionsaí ach níl dabht ann gur buille nach beag do al Qaeda bás al-Wuhayshi. Tá an tIarthar sa tóir air le blianta fada agus bhí airgead duaise $10m á thairiscint ag rialtas Mheiriceá as eolas a fháil a ligfeadh dóibh é a mharú nó a ghabháil. D’fhógair al Qaeda ar maidin gur ceapadh Qassim al-Raymi ina chomharba air agus go bhfuil seisean, iarcheannaire míleata an eagrais, i gceannas ar al Qaeda ar an leathinis as seo amach.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht