Jeb Bush, ag cur béime ar an Jeb seachas ar an Bush

Posted on Meán an tSamhraidh 16, 2015 le

0



Saol Corrach

Chuir Jeb Bush béim ar an mhéid ar bhain sé amach sa dá sheal a chaith sé ina Ghobarnóir ar Florida seachas ar a dintiúirí mar dhuine de mhuintir Bush nuair a chuir sé tús Dé Luain lena fheachtas chun ainmniúchán na bPoblachtach a fháil do toghchán 2016. ‘Faoinár stiúir bhí Florida ag barr an tábla maidir le cruthú jabanna’ ar seisean. ‘Agus bhíomar ag uimhir a haon maidir le cruthú gnóithe is comhlachtaí bheaga. Tá a fhios againn go dtig leo fadhbanna Mheiriceá a réiteach. Mar rinne muid a macasamhail in Florida cheana féin.’ Beidh air a dhintiúirí mar choiméadach a threisiú le linn an fheachtais nó ta deichniúir ag dul san iomaíocht don ainmniúchán Poblachtach agus go leor acu sin níos óige ná Jeb Bush agus níos coiméadaí. Agus tá an Páirtí Poblachtach casta agus ag casadh i gcónaí i dtreo an choimeádachais seachas i dtreo an láir.’Jeb…

Amharc ar an alt bunaidh 36 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht