Roinnt Éireannaigh óga marbh i ndiaidh taisme i gCalifornia

Posted on Meán an tSamhraidh 16, 2015 le

0



Saol Corrach

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur maraíodh roinnt Éireannaigh óga agus gur gortaíodh roinnt eile nuair a thit balcóin ag árasán as a chéile le linn do chóisir a bheith ag dul ar aghaidh. Tá tuairisc ann gur Éireannaigh gach duine acu siúd a maraíodh is a gortaíodh, go leor acu ina mic léinn Éireannach atá ar saoire nó ar víosa J1 i Meiriceá. Meastar gur maraíodh cúigear (ceathrar ar an toirt agus duine eile a fuair bás ar ball) agus go bhfuil gur gortaíodh roinnt daoine eile, ochtar meastar. Tuairiscítear gur gortaíodh an chuid is mó acu go dona . Tharla an taisme i mBerkeley, áit a bhíonn go leor Éireannach óg ag dul ann ar saoire nó ar víosa J1 i rith an tsamhraidh.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht