Tóraíocht Taisce

Posted on Meán an tSamhraidh 16, 2015 le

0



An tUltach

Le Máire Zepf

Tá deireadh an domhain ann. An gcluineann tú an screadaíl, an t-olagón agus díoscán na bhfiacla? Níor tharla sé mar gheall ar chaor thine, cogadh ná Armagadan núicléach sa deireadh.

Ní hea. Ach tá Cutie Pie caillte. Tá sin níos measa arís. Cé hé Cutie Pie, a deir tú? Duitse agus domsa, is bréagán é. Madadh beag bog le fionnadh donn agus bán agus súile ollmhóra gorma. Ach do Lorcán s’agamsa, is cara is fearr é, cuisle a chroí is grá geal a shaoil. Agus faraor, tá sé ar iarraidh.

Tá mé á chuardach le cúpla lá anuas – faoin troscán, i dtarraiceáin, taobh thiar den leaba, sna cófraí. Ach go fóill, tá an bua ag Cutie Pie sa chluiche seo folaigh is fiach eadrainn. An rógaire. Agus tá Lorcán croíbhriste, uaigneach ina dhiaidh. Mothaím uafásach nuair a chaoineann sé uisce a chinn ag am luí agus…

Amharc ar an alt bunaidh 469 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht