Ainmneacha na marbh ar eolas anois

Posted on Meán an tSamhraidh 17, 2015 le

0



Saol Corrach

B’iad an seisear mac léinn Éireannach a maraíodh i dtaisme na maidine inniu i mBerkeley ná Ashley Donohoe  22, ó Rohnert Park, California, (ar saoránach Éireannach/Meiriceánach araon í) agus cúigear le seoladh in Éirinn,  Olivia Burke, 21, Eimear Walsh, 21; Eoghan Culligan, 21, Niccolai Schuster, 21 agusLorcan Miller, 21. Tá beirt gortaithe go fíordhona, an chuid eile gortaithe go dona ach dóigh seasmhach orthu. Dar le Consal na h.Éireann go bhfuil tuairim is 700 mac léinn de chuid na hÉireann sa cheantar Bay agus gur beag duine acu nach mbeadh aithne acu ar dhuine de na mairbh. Dar leis lena chois go mbeidh gaolta na ndaoine a maraíodh ag teacht go Califronia tráthnóna.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht