An Tréadaí James Mc Connell le cúisiu mar gheall ar a chaint faoi Mhoslamaigh

Posted on Meán an tSamhraidh 18, 2015 le

0



Saol Corrach

Tá an Irish News ag tuairisciú ar maidin go bhfuil an Tréadaí James Mc Connell le cúisiú as caint a rinne sé faoi Ioslamachas agus Moslamaigh anuraidh le linn dó a bheith ag tabhairt seanmóra ag an Whitewell Tabernacle i dTobar Geal i dTuaisceart Bhéal Feirste. Rinneadh gearáin leis an PSNI faoin chaint, a bhí mar chuid de sheanmóir aige, nuair a cuireadh taifead de ar an idirlíon. Tá an Irish News ag tuairsciú gur thairg an Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí ó thuaidh gan dul ar aghaidh le cás ina choinne dá nglacfadh sé le rabhadh feasach ach gur dhiúltaigh an Tréadaí Mc Connell don rogha sin. Mar gheall ar an dhiúltiú sin, tá an Seirbhís chun leanúint lena chúisiú. Ina sheanmóir, a spreag cáineadh go forleathan sa tuaisceart agus níos faide i gcéin, thug an Tréadaí Mc Connell le fios gur sátanach é an Ioslamachas, go bhfuil sé ‘págánach’…

Amharc ar an alt bunaidh 81 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht