An cuardach do Joe Lynskey, duine acu siúd a d’imigh as radharc – taisí faighte

Posted on Meán an tSamhraidh 25, 2015 le

0



Saol Corrach

Fuarthas taisí inniu i gCo na Mí, áit a bhfuil cuardach ag dul ar aghaidh le roinnt míonna do thaisí Joe Lynskey, duine de na daoine sin ar mharaigh an tIRA/INLA iad le linn na dtrioblóidí agus nár aimsíodh a gcorp riamh. Dhearbhaigh urlabhraí le Coimisiún na nÍospartach go bhfuil taisí faighte ag conraitheoirí a bhí ag obair faoi chúram seandálaí faisnéise dá gcuid. Cé nár dearbhaíiodh go fóill gurb iad taisí Joe Lynskey is mó seans i bhfad ná a mhalairt gur amhlaidh an scéal. D’imigh an tUasal Lynskey as radharc i mí Lúnasa 1972, ní i bhfad óna bhaile i gceantar Ard na bhFeá i mBéal Feirste Thiar. Iarmhanach a bhí ann a chuaigh isteach san IRA.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht