An Stát Ioslamach i ndiaidh dá scrín a scios le taobh Palmyra, bagairt ar chinn eile

Posted on Meán an tSamhraidh 25, 2015 le

0



Saol Corrach

Thug an SI le fios inniu go bhfuil siad i ndiaidh dá scrín faoi chóngar do Palmyra a scrios. D’éisigh siad físeán ag léiriú na scrín á pléascadh. Is eol go ndearna siad buamaí a leagan le taobh na fothracha ar leith atá i lár Palmyra, fothracha atá ina suíomh domhanda UNESCO, agus go bhfuil siad ag smaoineamh ar na fothracha a scrios. Tuigtear go bhfuil arm na Siria i mbun frithionsaí i gcoinne an Stát Ioslamach ó dheas de Palmyra agus go bhfuil na trodairí SI buartha go ndéanfaidh siad siúd an chathair a athghabháil. Idir an dá linn tá an SI i ndiaidh cur lena bhfórsaí i Raqqa, an bunáit is láidre acu in Siria. Tá trodairí Coirdíneacha faoi 50 ciliméadar den chathair anois agus iad i ndiaidh a bheith ag ruaig trodairi an SI amach as roinnt bailte a bhí faoina smacht ó mhí Lúnasa seo caite…

Amharc ar an alt bunaidh 206 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht