Glacann fear críonna comhairle?

Posted on Meán an tSamhraidh 25, 2015 le

0



Ar chóir comhairle a ghlacadh nó an fearr do chomhairle féin i gcónaí, téann Ciarán Dunbar i mbun seanchais ar an cheist.

Is é an cineál duine atá ionam ná go dtéann comhráite áirithe i bhfeidhm orm go mór, comhráite a raibh an-tionchar acu ar mo shaol is ar mo chuid smaointeoireacht – fiú mura bhfuil aon chuimhne ag an duine eile sa chomhluadar ar a leithéid de chomhrá a bheith ann ar bith.

Ceann acu sin ná an seisiún a bhí agam le mo mhúinteoir comhairle gairmeacha is mé ar choláiste breisoideachais, beagnach scór blianta ó shin anois.

Is cuimhin liom mo dhuine go maith, é aosta go leor is réidh don phinsean, nó an chuma sin air cibé ar bith, ceann de na seaicéid sin air a bhí coitianta sna 1970í ach a lean múinteoirí ar aghaidh á gcaitheamh ar chúis éigin.

A bhlas as Muineachán soir nó áit éigin i bhfogas dó agus cóip den ‘Indo’ á hiompar aige i rith an ama mar fhrapa.

Bhí a fhios agam go maith cad é a bhíos ag iarraidh a dhéanamh ar an ollscoil sular labhair mé leis – Staidéar ar na Meáin agus an Ghaeilge, cé go raibh mé leath ag smaoineamh ar an Dlí chomh maith.

Mar sin de, cén fáth ar roghnaigh mé dul a labhairt leis ar chor ar bith, níl a fhios agam.

Chuaigh mé isteach sa scuaine, bhí mé ag iarraidh tuairim duine fásta a chloisteáil, easpa muiníne i mo chinneadh féin is dócha.

Luaigh mé an tsuim a bhí agam sa Dlí ag pointe amháin go luath san agallamh (diancheistiú) agus bhí sé díreach liom – níl tú cliste go leor.

Is é an rud a bhí i gceist aige ná nach raibh mé cliste go leor chun na gráid chuí a fháil chun áit a fháil ar an chúrsa (mar a tharlaíonn sé, fuair mé ABC ag A-leibhéal, tá AAB de dhíth chun fail isteach ar chúrsa dlí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste).

Múinteoir comhairle gairmeacha 1, Ciarán 0.

Blianta ina dhiaidh sin is beag nár bhain mé céim sa dlí amach tríd chúrsa féinteagaisc a dhéanamh ach bhí orm éirí as mar gheall ar chúrsaí teaghlaigh is oibre – fillfidh mé air lá éigin, char mhaith liom an bua a bheith aige, an dtuigeann tú?

Ach ansin, rinne sé pointe nach raibh freagra agam dó – an bhfuil duine ar bith gaolta leat ina ndlíodóir?

Cha raibh ar ndóigh, den lucht oibre sinne – níorbh fhéidir liom sin a shamhlú fiú ag an am. Mhínigh sé dom gur míbhuntáiste ollmhór é sin.

Múinteoir comhairle gairmeacha 2, Ciarán 0.

Sa tréimhse sin, ní cuimhin liom aon mhúinteoir ag iarraidh cur le féinmhuinín s’agam ach ag iarraidh a bhaint de – lena bheith searbh faoi, aon rud a bhain mé amach i mo shaol rinne mé d’ainneoin iarrachtaí na n-oidí.

Cha raibh mórán dúile agam iontu ach bhí a mhalairt fíor chomh maith (bhí eisceacht amháin ann, grma GO).

Mar sin de, ar ais chuig an chomhairleoir seo, ghlac mé misneach agus luaigh mé leis go raibh mé ag iarraidh ‘meedia studdies an’ eye-rish’ a dhéanamh i gCúil Raithin, b’shin mar a labhraínn an t-am sin.

Dhearg a aghaidh – stán sé orm le déistin agus lig a racht feirge – “is as an Ghaeltacht ceathrú chuid de na Gardaí sa tír,” a bhéic sé orm (Tá a fhios agam, cha dtuigim sin ach an oiread), “taa gwaylagah ugam fayn,” a mhaigh sé, “and it didn’t do me any good.” (♫ “Cry me a river…” ♫)

“You only have one life and you can’t waste it on Irish – do something useful and if you really want to learn Irish you can do it after!”

Meas tú gur lig sé dá mhothúcháin féin cur isteach ar a chomhairle?

“Media studies!” a lean sé, “éist, an bhfuil aithne agat ar X?

“Tá a fhios agam cé hí,” a d’admhaigh mé.

“Is cara í le hiníon Y, sin an fáth go bhfuair sé obair leis an BBC,” a mhínigh sé dom go buacach.

“An bhfuil aithne AGATSA ar dhuine ar bith a oibríonn don BBC nó do RTE.”

Múinteoir comhairle gairmeacha 3, Ciarán 0.

Ar ndóigh, cha raibh. Ba mhúinteoirí iad mo thuismitheoirí, ar na chéad dhaoine a chuaigh go dtí an coláiste ó theaghlaigh s’acu riamh – gan aon bhaint acu le Baile Átha Cliath nó Béal Feirste nó le haon duine a d’oibrigh sna meáin, nó aon aithne ar aon duine a raibh aon aithne acu ar dhuine a d’oibrigh sna meáin.

“Agus Gaeilge!” a lean sé leis, “ní cainteoir ó dhúchas thú, is as an Tuaisceart thú – ní rachaidh tú áit ar bith.

Múinteoir comhairle gairmeacha 4, Ciarán 0.

“Bochtaineacht amháin a bheadh i ndán duit.”

Bhí sé paiseanta, trom agus docht daingean faoin ábhar seo, cuireann cúrsaí dlí cosc ar aidiachtaí eile.

Aisteach go leor, théis na dteicnící treisithe ceastóireachta – dúirt sé a raibh fonn air a rá ón chéad bhomaite.

“Eacnamaíocht – déan staidéar ar an eacnamaíocht , tá mata agat, gheofá post maith, gheofá pá maith – is féidir cibé caitheamh aimsire a ba mhaith leat a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Tuigim anois gurb é an rud a bhí a rá aige ná gurb é seo an t-aon bhealach isteach sna meánaicmí domsa agus b’shin an ról a bhí aige dar leis go cinnte.

Tá sé dochreidte ach d’éirigh leis dul i bhfeidhm orm go huile is go hiomlán.

Chuir mé isteach ar an chúrsa do Staidéar Eacnamaíochta agus bhain mé áit amach in Ollscoil na Ríona – is mé gan aon tuiscint maidir le cibé cad é rud a bhí i gceist gan trácht ar suim a bheith agam ann.

Seans, dá mba rud é nár ól mé braon ar an ollscoil agus go ndearna mé dianstaidéar ón chéad lá go mbeinn in ann dó ach níorbh amhlaidh an scéal agus theip orm aon dul chun cinn a dhéanamh nó spéis a chothú ionam féin don ábhar – cha raibh mé riamh ábalta rud ar bith a dhéanamh gan spéis a bheith agam ann.

D’athraigh mé go Staidéar Ceiltise agus Polaitíocht agus fuair mé 2:1 amach gan mórán stró.

Cén fáth atá seo á scríobh agam fiche bhliain ina dhiaidh?

Bhál, chaith mé roinnt mhaith de mo shaol oibre ag obair leis an Ghaeilge, trí mheán na Gaeilge, agus sna meáin Ghaeilge.

D’oibrigh mé i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Banríona agus chaith mé trí bhliain mar eagarthóir ar pháipéar náisiúnta Gaeilge.

Nach cruthúnas é sin nach raibh fírinne ar bith i gcomhairle mo mhúinteoir gairmeacha?

Bhál, déanta na fírinne, caithfidh mé a admháil – bhí an ceart aige.

Bheadh i bhfad níos fearr as dá mbeinn i m’eacnamaí (ó thaobh chúrsaí airgid de).

Is iriseoir Béarla mise go príomha agus cosúil leis an mhórchuid de mo chomhghleacaithe – is jab den lucht oibre é. Tá an pá íseal, tá na coinníollacha go holc – bhí an ceart aige faoi sin.

Níorbh fhéidir liom saol an iriseora fhánaigh a mholadh do dhuine óg ach más é sin an rud atá siad ag iarraidh a dhéanamh, bheadh comhairle agam dóibh.

Cinnte, tá sé doiligh briseadh isteach sa RTÉ agus BBC. Ach tá ballaí ann thart orainn ar fad agus ní féidir linn ach iad a dhreapadh – beidh siad níos airde do roinnt daoine ná do dhaoine eile ar gheall ar chúinsí éagsúla ach sin mar atá an saol – níl sé cothrom i gcónaí – ní féidir sin.

Bhí an ceart aige faoi sin ach ní ceart do chreideamh,do pharóiste dúchais, do bhlas, do chúlra nó d’aicme a úsáid mar leithscéal, ní fiú é, chan fheil agat ach saol amháin.

Maidir leis an Ghaeilge a bheith ag duine ó dhúchas, cinnte, is furasta don té sin dul chun cinn a dhéanamh sna meáin Ghaeilge – ach nach é sin mar is cóir do a bheith?

Glacaigí mo chomhairle a aosa óig – ná glac comhairle ó dhuine ar bith, glac misneach amháin agus lean do chroí.

Gabh sa rás agus fiú mura mbainfidh tú an chéad áit amach choíche, ach tá rudaí níos measa ná bochtaineacht – mar a deirimid i gcúrsaí raidió, is é an peaca is mó ná a bheith leadránach.

Múinteoir comhairle gairmeacha 4, Ciarán 1.

Posted in: Nuacht