Bhain ionsaitheoir an chloigeann de dhuine, roinnt eile gortaithe in eachtra sa Fhrainc

Posted on Meán an tSamhraidh 26, 2015 le

0



Saol Corrach

Ta tuairiscithe ann ar maidin gur mharaigh fear duine agus gur gortaíodh roinnt daoine eile in eachtra in Saint-Quentin-Fallavier, in oirdheisceart na Fraince. Tharla an t-ionsaí ag an mornachan Air Products agus ní léir iomlán na sonraí go fóill. Deirtear gur ionsaigh duine, nó beirt, an fhoireann san ionad agus gur tharla pleascán cionn is gur osclaíodh buidéil lán gáis. Tuigtear gur ghabh na péas duine amháin agus tháinig ar bhratacha le scríbhinn Araibíse orthu – nach bhfuil siad cinnte fós cad a chiallaíonn siad. Tháinig na péas ar dhuine marbh agus an chloigeann bainte de ar dhul a fhad leis an mhornachan. Tá tuairimíocht sna meáin sa Fhrainc gur ionsaí de chuid an Stáit Ioslámaigh atá i gtceist ach níl aon dearbhú air sin go fóill.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht